Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Lúnasa 1966 58 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | Breitheamh de chuid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2024–), breitheamh, dlíodóir ![]() |
Breitheamh Éireannach is ea Úna Ní Raifeartaigh (a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1967/1968). Bhí sí tofa mar bhreitheamh na hÉireann sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine sa bhliain 2024.[1][2] Is duine de na mórdhlíodóirí Éireannacha den am í agus fad is a bhí sí ag abhcóideacht láithrigh sí i go leor cásanna tábhachtacha.
Is cainteoir líofa Gaeilge í.[3]
Bhain Úna Ní Raifeartaigh céim dlí (BCL) amach i gColáiste na hOllscoile, BÁC sa bhliain 1988.[4] Bhí sí ar fhoireann dhámh an dlí i gColáiste na Trionóide ó 1991 go 1995, mar Ollamh Reid le dlí coiriúil. Glaodh chun Bharra na hÉireann uirthi sa bhliain 1993 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 2009.[5]
Mar Abhcóide Sinsearach, d'íoc an Stát €357,002 léi sa bhliain 2015.[6] An bhliain dár gcionn ceapadh í mar bhreitheamh san Ard-Chúirt sa bhliain agus sa Chúirt Achomhairc in 2019.[7]
In 2019, agus í ina Breitheamh Ard-Chúirte, mhaígh Úna Ní Raifeartaigh go raibh dualgas ar an Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír[2] agus go bhfuil dualgas ar an Stát iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil. Bíonn an dualgas sin ann mar cheart teanga faoi Airteagal 8 den Bhunreacht. Dúirt sí go mbíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le “surprising intolerance” ó dhaoine a mbíonn meas go hiondúil acu ar chearta mionlaigh eile.[8][9] Dúirt sí go mbíonn stádas bunreachtúil na Gaeilge “floating at an abstract level” os cionn scéal casta na Gaeilge agus dearcadh mhuintir na hÉireann ina leith.[10][11][12]
In 2021, pléadh cás as Gaeilge den chéad uair i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a lorg Ní Raifeartaigh soiléiriú maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.[13]
In 2021 agus í ag seoladh leabhair leis an Dr Mary Phelan, Irish Speakers, Interpreters and the Courts 1754-1921, dúirt Ní Raifeartaigh gur measa go minic a chaitear le Gaeilgeoirí a thagann os comhair na gcúirteanna in Éirinn ná mar a chaitear le himircigh. Dúirt an Breitheamh go bhféadfadh sé go raibh baint ag neamhshuim an Stáit agus na gcúirteanna sa Ghaeilge leis an sórt díothú teanga nó ‘lingua-cide’, a bhfuil dochar as cuimse déanta aige “d’anam na tíre seo”.[14]