Vitimín B atá tábhachtach i dtáirgeadh fuinnimh taobh istigh de chealla. Bíonn sé ann i bhfoirm nicitínimíde go ginearálta, agus is féidir é a shintéisiú ón aimíonaigéad tripteafan, ach ag ráta íseal. Mar sin féin, luaitear a leibhéal i mbianna ina choibhéis aigéid nicitínigh (aigéad nicitíneach + 0.017 tripteafan). Bíonn aigéad nicitíneach i láthair i ngránbharra mar niacaitín, foirm atá neamhghníomhach sa bhitheolaíocht. Éiríonn sé infhaighte nuair a théitear an gránbharr le haol, nós a ghlac na hIndiaigh i Meiriceá Theas chucu féin agus a chuir bac ar pheallagra.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.