Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | EBLT ![]() |
Cineál | eagraíocht neamhrialtasach eagraíocht neamhbhrabúis ![]() |
Foirm dlí | vereniging (en) ![]() ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1982 |
Bunaitheoir(í) | Parlaimint na hEorpa ![]() |
Rud nó duine a tháinig ina áit | an Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 9,500 € (2020) ![]() |
Suíomh gréasáin | eblul.eurolang.net ![]() |
Eagraíocht neamhrialtasach a bunaíodh in 1982 chun éagsúlacht teangacha agus mionteangacha a chur chun cinn ab ea an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana (Béarla: European Bureau for Lesser-Used Languages).[1] Cuireadh deireadh leis an eagraíocht in 2010. Bhí dlúthbhaint aige le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle na hEorpa, agus fuair sé maoiniú ón Choimisiún Eorpach agus ó eagraíochtaí rialtais áitiúla agus réigiúnacha.
D'fheidhmigh sé ar son an leathchéad milliún duine a labhraíonn mionteanga nó teanga réigiúnach san Eoraip.
Chuir an tAontas Eorpach deireadh le deontas oibriúcháin an Bhiúró in 2007 in ainneoin moltaí ó Pharlaimint na hEorpa,[2] lena n-áirítear Tuarascáil Ebner in 2003 agus measúnú a rinne Ernst and Young (a choimisiúnaigh an AE féin) gur cheart don AE leanúint lena thacaíocht.
Rinne Bord Stiúrthóirí an Bhiúró cinneadh ar an 27 Eanáir 2010 an eagraíocht a dhúnadh mar gheall ar an ngearradh siar ar a chroímhaoiniú.[3]
Tháinig an Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha (Béarla: European Language Equality Network, nó ELEN)[4] i gcomharbas ar an mBiúró. Tugann sé balleagraíochtaí de chuid an Bhiúró agus go leor eagraíochtaí eile timpeall na hEorpa le chéile. Faoi láthair, feidhmíonn ELEN ar son 44 teanga trí 60 balleagraíocht i 20 stát Eorpach.[5]