An Clár (Dáilcheantar)

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Clár

Suíomh
Map
 52° 50′ N, 9° 00′ O / 52.83°N,9°W / 52.83; -9
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae an Chláir Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1921

Is toghcheantar parlaiminte suite i bPoblacht na hÉireann é An Clár. Is Dáilcheantar 4 suíochán é seo. An Clár ar fad atá ann.

Olltoghchán 2011

San Olltoghchán 2011, toghadh mar Theachtaí Dála Pat Breen (Fine Gael), Joe Carey (Fine Gael), Timmy Dooley (Fianna Fáil) agus Michael McNamara (LO).

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Pat Breen (Fine Gael), Joe Carey (Fine Gael), Timmy Dooley (Fianna Fáil) agus Michael Harty (Neamhspleách).

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Joe Carey (Fine Gael), Michael Harty (Neamhspleách). Violet-Anne Wynne (Sinn Féin /Neamhspleách), agus Cathal Crowe (FF). Cé gur éirigh le hiarrthóirí Fhianna Fáil 34% den vóta i gCo an Chláir a fháil in 2020, níor toghadh ach iarrthóir amháin, Cathal Crowe (FF), a bhí ag seasamh den chéad uair.

Toghadh Violet-Anne Wynne ag seasamh do Shinn Féin in 2020 ach d’fhág sí Sinn Féin níos déanaí mar gheall ar aighneas a bhí aici go háitiúil leis an bpáirtí.[1]

2024

B’údar díomá do mhuintir an Chláir gur shocraigh an Coimisiún Toghcháin an contae a fhágáil le 4 shuíochán in 2024, in ainneoin an t-ardú suntasach a tháinig ar an daonra ansin ó 2016. Is é seo an dáilcheantar is mó daonra in aghaidh Teachta Dála sa tír in 2024.[1]

Toghadh Michael McNamara (Nspl) mar Fheisire Eorpach in 2024.

Cathal Crowe (FF), 2020

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, bhí scór iarrthóirí san iomaíocht do na ceithre shuíochán, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Cathal Crowe (FF) agus Violet-Anne Wynne (Nspl). Toghadh Joe Carey (FG) in 2020 agus d'éirigh sé as de bharr a shláinte. Sheas a dheirfiúr Leonora Carey d’Fhine Gael agus iníon le Donal Carey, iarTheachta Dála.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Donncha Ó hÉallaithe (22 Samhain 2024). "Fianna Fáil sa tóir ar an dara suíochán i gcontae an Chláir, na Glasaigh faoi bhrú i gcathair Luimnigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-24.