![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1414069 |
Is sráidbhaile é an Craoslach[1] (Béarla: Creeslough) atá suite i nDún na nGall, Poblacht na hÉireann.[2]
Sa bhliain 2011, bhí 393 nduine ina gcónaí sa bhaile. Déantar cur síos ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:[3][4]
Bliain | Daonra | Athrú | Athrú (%) |
---|---|---|---|
2006 | 327 | - | - |
2011 | 410 | +83 | +25.4% |
2016 | 393 | -17 | -4.1% |
Ar an 7ú Deireadh Fómhair 2022, tharla pléasc ar an gCraoslach inar maraíodh deichniúr agus gortaíodh go leor daoine eile. Scriosadh cuid de bhloc árasán agus stáisiún peitril in aice láimhe.[5]
Tá rún ag Vivo Shell ionad tráchtála a thógáil ar suíomh na tubaiste, d'áireofaí siopa, oifig phoist, ionad stórála, leithris, áiseanna breosla, áit stórála do thancanna agus do chaidéil, chomh maith le gairdín cuimhneacháin. Ach fuair an Chomhairle Contae 27 aighneacht ón bpobal ag cur in éadan an chead pleanála in 2024. Bhí cuid de theaghlaigh na marbh ina measc siúd a chuir ina éadan. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh tuilleadh eolais ar an gcomhlacht sula ndéanfar aon chinneadh.[6]
![]() | Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |