An Dún Theas (Toghcheantar Tionóil)

An Dún Theas (Toghcheantar Tionóil)

Is toghcheantar tionóil é An Dún Theas ar Thionól Thuaisceart Éireann (Béarla: South Down ). Is é seo an leath theas de chontae an Dúin, ó Dhún Pádraig go dtí na Beanna Boirche agus soir go Droichead na Banna.

Chaill an SDLP suíochán Tionóil anseo in 2022 nuair a bhain Sinn Féin péire. I mí Aibreáin 2024, d’éirigh an Teachta Tionóil de chuid Alliance as Stormont go tobann agus comhthoghadh Andrew McMurray. Ar an taobh aontachtach is í Diane Forsythe an Teachta Tionóil de chuid an DUP,. Is aici atá an t-aon suíochán Tionóil aontachtach sa cheantar. Bíonn idir 20-22% de na vótaí ag aontachtaithe in iomláine.[1]

* ón 30 Aibreán 2024 amach

Ball Páirtí
Andrew McMurray PCTÉ
Sinéad Ennis Sinn Féin
Diane Forsythe PAD
Colin McGrath PSDLO
Cathy Mason Sinn Féin

† Comhthoghadh é ar 30 Aibreán 2024 mar d'éirigh Patrick Brown ar 23 Aibreán 2024

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Póilín Ní Chiaráin (16 Meitheamh 2024). "Dúshlán á thabhairt d’fheisirí parlaiminte chontae an Dúin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-16.