(en) Kidnapped | |
---|---|
Cineál | saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Robert Louis Stevenson |
Teanga | an Albainis, Béarla agus Gaeilge na hAlban |
Foilseachán | an Ríocht Aontaithe, 1886 |
Foilsitheoir | Cassell & Co |
Tréith | |
Príomhábhar | dílleachta agus Marú na hApainn |
Seánra | úrscéal eachtraíochta, úrscéal stairiúil, ficsean agus litríocht do pháistí |
Carachtair | |
Suíomh scéalaíochta | Albain |
Cuid den tsraith | |
Catriona → | |
Eile | |
Aicmiú Leabharlann Comhdhála | PR5484 .K5 2000 |
Úrscéal eachtraíochta staire leis an údar Albanach Robert Louis Stevenson is ea An Fuadach (nó Kidnapped i mBéarla).
In 1836 a foilsíodh an leabhar, agus suitear an scéal thart timpeall ar dhúnmharú a tharla i mBaile a' Chaolais i nGarbhchríocha na hAlban tar éis éirí amach na Seacaibíteach san 18ú hAois.
Pléann An Fuadach le scéal Dháithí (nó Dáibhí) Balfúr, dílleacht agus fear óg. Tá a uncail, Eibinéasar, ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin.
Chuireann Dáithí aithne de thimpiste ar an Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhairt (nó Alan Breck Stewart i mBéarla) le linn dhúnmharú Chailein Chaimbéil in Apainn, nó Marú na hApainn mar a tugadh ar an eachtra[1]. Téann Dáithí ar a theitheadh in éineacht le Ailean.
Is é cairdeas Dháithí leis an claimhteoir Seacaibíteach a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu.
Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh[2]. Agus aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson,
D’éirigh go maith le An Fuadach nuair a foilsíodh é, ach thit sé i léig tar éis bhás an údair, agus ba mar “scéal eachtraíochta do bhuachaillí” a aithníodh é go dtí gur bhain sé aitheantas níos forleithne amach sa 20ú haois.
Foilsíodh Catriona in 1893 mar aguisín le scéal An Fuadach. Úrscéal rómánsach atá ann agus níor éirigh chomh maith leis is a d’éirigh le An Fuadach.
is é Leon Ó Broin a d'aistrigh An Fuadach go Gaeilge (Oifig an tSoláthair, 1931).
D'aistrigh Darach Ó Scolaí an t-úrscéal, foilsithe ag Leabhar Breac, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth[3].