Láthair mhainistreach, nach bhfuil ann anois ach fothrach, is ea An Riasc, atá suite i gCorca Dhuibhne,1 km soir ó Bhaile an Fheirtéaraigh. Cuimsíonn an séadchomhartha seo fothraigh de shéipéal cloiche, gallán, agus bailiúchán de bhotháin chloiche nó clocháin, agus iad ar fad laistigh d'imfhalú cloiche singil. Gearrann balla cloiche inmheánach tríd an suíomh agus breathnaíonn sé gur roinn sé an suíomh idir an t-aireagal agus an reilig agus na spásanna cónaitheacha. Le linn tochailtí sna 1970dí fuarthas fianaise go bhféadfadh go raibh séipéal adhmaid ar an láthair sular tógadh an séipéal cloiche ann.[1] Níl ann ach an bunsraith sa lá atá inniu ann. Tá roinnt leaca crosghearrtha ar an suíomh. Is í an ceann is suntasaí ná an gallán atá maisithe le cros Mháltach, bíseanna, ciorcail, agus móitíf de phéacóg. Ar an suíomh freisin tá bunsraitheanna de shraith bothán cloiche nó clocháin. Tá roinnt acu sin nasctha lena chéile. Nuair a bhí siad sin tógtha bhí siad an-chosúil leis na botháin 'choirceoige' den stíl thraidisiúnta tógála a bhí coitianta ar shuíomhanna eile ar Corca Dhuibhne.
- ↑ Fanning, Thomas (1981). "Excavation of an Early Christian Cemetery and Settlement at Reask, County Kerry". Proceedings of the Royal Irish Academy 81C: 67-172.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |