| ||||
Cineál | imeacht spóirt físeán mearscaipthe | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | séasúr 2012 den NFL | |||
Dáta na bliana | 22 Samhain 2012 | |||
Suíomh | East Rutherford, New Jersey | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Spórt | peil Mheiriceánach | |||
Saothar iomlán ar fáil ag URL | nfl.com… |
Is imirt mhíchlúiteach a tharla i gcluiche peile Meiriceánaí idir na New York Jets agus na New England Patriots ar Lá an Altaithe, 22 Samhain 2012, í an Tóin Thar Ceann (Béarla: The Butt Fumble).
Os comhair 79,000 duine sa lucht tacaíochta baile ag MetLife Stadium, agus os comhair níos mó ná 20 milliún duine eile ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís, bhuail ceathrúchúlaí na Jets, Mark Sanchez, in éadan thóin Brandon Moore, ball dá fhoireann féin, agus chaill Sanchez an liathróid. Ghabh Steve Gregory, lánchúlaí de chuid na Patriots, seilbh ar an liathróid, agus scóráil sé talmhú. Ba í seo an imirt is suntasaí i dtréimhse thubaisteach sa dara ceathrú, inar chaill na Jets an liathróid trí huaire agus scóráil na Patriots trí thalmhú, gan ach 52 soicind ag dul thart ar chlog an chluiche. San iomlán, scóráil na Patriots 35 pointe sa dara ceathrú, le hais na 3 phointe a scóráil na Jets, cé go raibh an liathróid i seilbh na Jets ar feadh 12 nóiméad sa cheathrú (as 15 ar fad).
Cuimhnítear ar an gcluiche, agus ar an imirt seo go háirithe, mar an pointe is measa do na Jets sa bhliain 2012. Ba é an seachtú cluiche a chaill na Jets sa séasúr, agus ní raibh ann ach caolseans go sroichfidís an craobhchomórtas ag deireadh an tséasúir (agus níor shroich). Is minic a luaitear an Tóin Thar Ceann i measc na n-imirtí is measa i stair an NFL, agus rangaigh ESPN í mar an imirt is náirí i stair na Jets.[1]