![]() | |
Cineál | irisleabhar |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1924 ![]() |
Am deiridh | 2018 |
Tréith | |
Eatramh foilsithe | Míosachán |
Príomhábhar | litríocht na hÉireann |
Foilsitheoir | Conradh na Gaeilge ![]() |
Foilsithe i | Éirinn |
Aitheantóirí | |
ISSN | 0964-8682 |
Suíomh | antultach.wordpress.com ![]() |
B'é An tUltach iris oifigiúil Chomhaltais Uladh. Bunaíodh an iris sa bhliain 1924. B'é An tUltach an iris ba shine dá raibh ann as Gaeilge tráth ar cuireadh deireadh leis.
Foilsíodh an t-eagrán deiridh de An tUltach mí Aibreáin sa bhliain 2018.[1]
Bunaíodh An tUltach sa mbliain 1924 agus foilsíodh ar bhonn míosúil é ó shin. Bhí sé ar cheann de na hirisí is rathúla i saol na Gaeilge agus cé is moite de An Timire ba í an iris is faide i gcló. Bhí maoiniú rialta á fháil ag an iris ó Fhoras na Gaeilge go dtí go ndearnadh athstruchtúrú ar an múnla maoinithe d’fhoilseacháin Ghaeilge in 2013.
Ba ag brath ar airgead ó fhoinsí éagsúla a bhí An tUltach ó 2013 go dtí 2018..., Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Conradh na Gaeilge, ranna rialtais Thuaidh agus Theas, fógróirí agus síntiúsóirí ina measc.
Fuair na feidhmeannaigh deontas thart ar £30,000 leis an saibhreas millteanach atá carntha thar chéad bliain a chur ar fáil go digiteach don phobal.[1]
![]() | Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. | ![]() |