Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais |
Gníomhaíocht | |
Ball de | European Transport Safety Council |
Rialachas corparáideach | |
Líon fostaithe | 309 |
Suíomh gréasáin | rsa.ie… |
Eagraíocht reachtúil in Éirinn is ea an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (USB nó an tUSB).[1][2] Reáchtálann an tUSB tionscnaimh chun feasacht ar úsáid níos sábháilte ar bhóithre a ardú agus a chur chun cinn. Soláthraíonn an tUSB faisnéis agus comhairle do scoileanna, do ghrúpaí agus don phobal chun oideachas agus feasacht ar shábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn.
Cruthaíodh an foras faoin Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, agus bunaíodh é ar an 1 Meán Fómhair 2006.[3][4]
Tar éis dó dul ar scor, chaith Gay Byrne ocht mbliain mar chathaoirleach ar an USB.
Sa bhliain 2023, bhí rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliú chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ag an am go raibh "eipidéim luais" ar siúl i bPoblacht na hÉireann, agus gur chóir do gach duine a bheith ag tiomáint ní ba mhoille.[5]