I gcúrsaí ríomhaireachta, na teicníochtaí a úsáidtear chun tuiscint iomlán a fháil ar chórais ríomhaireachta, chun na córais seo a dhearadh is a bhfeidhmiú a optamú. Bíonn ar na hanailísithe córas airíonna na gcóras ríomhaireachta a shonrú go cruinn, agus na gnóthaí, na feidhmeanna is an obair taighde is gá a dhéanamh leo a shainiú go cruinn iomlán. Ansin is gá dóibh an córas nua ríomhaireachta a dhearadh is a eagrú chun an raon gnóthaí is feidhmeanna a chur i gcrích go foirfe in am trátha.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |