Cineál | saothar scríofa ![]() |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Frank McCourt ![]() |
Teanga | Béarla ![]() |
Foilseachán | Nua-Eabhrac, 1996 ![]() |
Foilsitheoir | Charles Scribner's Sons |
Tréith | |
Seánra | úrscéal dírbheathaisnéiseach agus cuimhní cinn ![]() |
Suíomh scéalaíochta | Éire ![]() |
Cuid den tsraith | |
'Tis ![]() | |
Eile | |
Uimhir OCLC | 34284265 ![]() |
![]() ![]() |
Is leabhar leis an údar Éireannach Frank McCourt é Angela's Ashes (teideal an aistriúcháin Ghaeilge: Luaithreach Angela: Cuimhní Óige). Foilsíodh an leabhar i 1996 agus ghnóthaigh sé an Duais Pulitzer san earnáil beathaisnéise.[1]
Is é atá sa leabhar ná aistí beathaisnéise faoin saol a bhí ag an údar i rith a óige i Nua-Eabhrac, agus i Luimneach, chomh maith lena choimhlint le bochtanas agus fadhb ólacháin a athar agus faoi iarrachtaí a mháthar an teaghlach a choimeád beo.[2]
Rinneadh an leabhar a aistriú go 26 theanga éagsúil.
Rinne an scríbhneoir Pádraig Breathnach aistriúchán go Gaeilge den leabhar ‘Angela's Ashes’, 'Luaithreach Angela. Cuimhní Óige'.[3][4] Dhá bhliain a thóg sé ar Phádraig Breathnach an leabhar a aistriú.[5]
Inniu tá Músaem Frank McCourt lonnaithe i seanscoil Frank McCourt.