Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 742 |
Teaghlach | |
Athair | Indreachtach mac Muireadhaigh |
Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Aodh Balbh mac Indreachtaigh (Sean-Ghaeilge Áed Balb mac Indrechtaig) (bás 742[1]). Indreachtach mac Muireadhaigh Mhoilleathain (bás 723), iar-rí, ba ea a athair.[2] Síol Muireadhaigh ba ea a mhuintir.
Feictear Aodh sna ríliostaí agus sna hannála. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 735 go dtí 742,[3] ach níl aon eolas ann faoi eachtraí a réimis.