Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 747 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Páiste | Domhnall mac Aodha Mhuindeirg |
Athair | Flaithbertach mac Loingsig |
Siblín | Loingseach mac Flaithbheartaigh agus Murchad mac Flaithbertaig |
Rí Thír Chonaill, de chuid Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Aodh Muindearg mac Flaithbheartaigh) (Sean-Ghaeilge Áed Muinderg mac Flaithbertaig) (bás 747). Flaithbertach mac Loingsig (died 765), Ardrí Éireann, ba ea a athair.[1]
Ardrí dheireanach de Chineál Chonaill ba ea a athair. Cuireadh nó d'éirigh sé féin as a choróin sa bhliain 734 in áit Chineál iomaíochta Eoghain faoi cheannas Aodh Allán (bás 743). Fuair a athair bás ina mhanach i nArd Mhacha sa bhliain 765.[2][3]
Cloíodh agus maraíodh Aodh Allán i gCath Seredmag ag Domhnall na Mí (bás 763) de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt sa bhliain 743.[4] B'fhéidir é gur cheap Domhnall Aodh Muindearg mar a ionadaí sa tuaisceart, óir go dtugtar an teideal rí an Tuaiscirt dó i nannála Éireann.[5] Más fíor, bhí sé i réim sa tuaisceart ón mbliain 743 go dtí 747.
Níor glaodh ach ríthe Cineál Chonaill a dheartháireacha Loingseach (bás 754) agus Murchadh (bás 767). Tugtar an teideal rí an Tuaisceart dá mhac Domhnall (bás 804).