Dlíodóir, fear gnó agus polaiteoir Briotanach ab ea Arthur Cockfield, nó An Barún Cockfield, PC (28 Meán Fómhair 1916 – 8 Eanáir 2007).[1]
Bhí Cockfield ina Choimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach agus na Seirbhísí idir 1985 agus 1989, mar dhuine de na comhghleacaithe a bhí ag Peter Sutherland sa chéad Choimisiún Delors. Bhí páirt ríthábhachtach ag An Tiarna Cockfield, mar a bhí ag Peter Sutherland, agus an Margadh Eorpach Aonair á chruthú.[2]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |