Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Lúnasa 1867 Aachen, An Ghearmáin |
Bás | 23 Nollaig 1949 82 bliana d'aois Bad Wiessee, An Ghearmáin |
Áit adhlactha | Beirlín |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | RWTH Aachen Ollscoil Erlangen-Nürnberg |
Comhairleoir dochtúireachta | Alfred Einhorn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceimiceoir |
Ball de | |
Mac/iníon léinn de chuid | Alfred Einhorn |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Croineolaíocht | |
26 Bealtaine 1944-26 Bealtaine 1944 | Transport I/112 from Berlin,Berlin (Berlin),City of Berlin,Germany to Theresienstadt,Ghetto,Czechoslovakia on 26/05/1944 (en) |
Ba cheimiceoir, eolaí ábhair, agus aireagóir Gearmánach é Arthur Eichengrün (13 Lúnasa 1867 - 23 Nollaig 1949) a rugadh in Aachen. Tá cáil air as an druga frithghónairith Protargol a fhorbairt, an chóireáil chaighdeánach ar feadh 50 bliain go dtí gur glacadh le hantaibheathaigh, agus as a chuid taighde ceannródaíche ar phlaistigh: chomhfhorbair sé (le Theodore Becker) na chéad ábhair aicéatáite ceallalóis intuaslagtha in 1903, ar a dtugtar "Cellit", agus chruthaigh sé na próisis chun na hábhair seo a mhonarú, a raibh tionchar acu i bhforbairt múnlú trí instealladh.[1] Le linn an Chéad Chogadh Domhanda bhí a chuid laicear aicéatáit cheallalóis shintéiseach réasúnta neamh-inlasta, a cuireadh ar an margadh faoin ainm "Cellon", tábhachtach i dtionscal aerárthaí. Chuir sé leis an fhótaiceimic tríd an gcéad phróiseas a chumadh chun scannán céatáite ceallalóis a tháirgeadh agus a fhorbairt, rud a phaitinnigh sé le Becker.[2]
Giúdach ab ea a athair, a bhí ina mhangaire agus ina mhonaróir éadaí. Rinne sé staidéar ar an gceimic in Ollscoil Aachen agus in Ollscoil Bheirlín sular bhain sé dochtúireacht amach in 1890 in Erlangen.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |