Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1972 51/52 bliana d'aois |
Áit chónaithe | Santa Clara |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, oideoir, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil Stanford |
Teangacha | An Rúisis |
Suíomh gréasáin | asya.pereltsvaig.com |
Teangeolaí, scríbhneoir, agus oideoir is ea Asya Pereltsvaig (ru:Ася Перельцвайг).[1][2][3] Rugadh Asya i gCathair Pheadair, an Rúis (ansin: Leningrad, An tAontas Sóivéadach).
Is iad a cuid spéiseanna taighde ná comhréir theoiriciúil, tíopeolaíocht thras-theangeolaíoch, teangeolaíocht Shlavach, agus teangeolaíocht stairiúil. I measc na leabhar a scríobh sí le déanaí tá: The Indo-European Controversy: Facts and Fallacies in Historical Linguistics (2015, le Martin Lewis) agus Languages of the World: An Introduction (Dara Eagrán, 2017). Tá a cuid oibre le feiceáil freisin in Science, Natural Language and Linguistic Theory, Language and Linguistics Compass, agus in áiteanna eile. Mhúin sí ag Yale, Cornell, agus Stanford. Tá PhD sa Teangeolaíocht aige ó Ollscoil McGill.
I 1990, chuaigh sí ar imirce go hIosrael, agus ina dhiaidh sin rinne sí a bealach go Ceantar Bhá, i San Francisco.