Tharla críochdheighilt na hÉireann nuair a roinn Rialtas na Ríochta Aontaithe Éire ina dhá chuid féinrialaithe: Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann. Achtaíodh é ar 3 Bealtaine 1921 faoin Acht um Rialtas na hÉireann (1920).[1] Ó shin i leith, tá daoine ag labhairt faoi Athaontú na hÉireann, Éire aontaithe, agus 'Éire Nua', srl.[2]
I láthair na huaire, tugann an pobal Aontachtach, tuairim is 1 mhilliún duine, a ndílseacht do Rialtas Londan, fiú is go bhfuil an dílseacht chéanna faoi bhrú mar gheall ar an dtréas a mhothaíonn sciar acu mar gheall ar an bPrótocal, Breatimeacht, Creat Windsor agus mar sin de.[3] Tá an baol ann go bhfuil an Ríocht Aontaithe chun titim as a chéile (le neamhspleáchas na hAlban) agus cá bhfágfaidh sin an Tuaisceart? Ag an am céanna, tá daoine ann ón taobh aontachtach a thuigeann go gcaithfidh siad páirt a ghlacadh sa díospóireacht faoi Éirinn Nua, nó beidh Protastúnaigh an Tuaiscirt thíos leis sa deireadh.[4]
Tá sé ráite in aidhmeanna gach mórpháirtí na 26 Chontae gur cloch ar a bpaidrín é aontú na tíre. Bhí sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar in 2023 go gcreideann sé go mbeidh Éire aontaithe an athuair le linn a mharthana.[5] Ach ag an am céanna, tá fócas an phobail ó Dheas ar cheisteanna nach mbaineann le stair na tíre agus gur mó an tsuim atá acu i nithe nach mbaineann le teorainneacha is bunreachtai, srl.[3]
Dar le daoine eile, Is teip í an chríochdheighilt; chruthaigh sé na blianta fada de mheath eacnamúil sa Tuaisceart.[6]
Molann Sinn Féin go mbunófaí tionól saoránach chun Éire aontaithe a phlé.[7]
Chosnódh Athaontú na hÉireann €20 billiún gach bliain ar feadh 20 bliain le Éire aontaithe a chur i gcrích, de réir taighde foilsithe in 2024 ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (agus an tOllamh John Fitzgerald comhúdar an staidéir). Chaithfí 25% sa mbreis cánach a bhailiú lena leithéid de chostas a sheasamh; é sin nó an tsuim chéanna a aimsiú i bhfoirm caiteachas an Stáit a laghdú.[8] Cuirfeadh aontú na tíre 5% d'Ollioncam módhnaithe Náisiúnta le easnamh an Stáit. Bheadh a dhá oiread i gceist dhá ndéanfaí cothromú ó thuaidh mar atá ó dheas den teorainn faoi láthair ar rátaí íocaíochtaí leasa agus ar rátaí pá san earnáil phoiblí. D’fhágfadh sin an ceathrú cuid sa mbreis ag teastáil ón Státchiste, gan dá thairbhe a deir an staidéar ach borradh beag ar theacht-isteach.[9]
An leigheas a bheadh ar an gcostas go n-athródh Tuaisceart Éireann a ngeilleagar ó bhonn, go háirid in earnáil an oideachais, leis an mbearna idir thuaidh agus theas a mhaolú agus ar mhaithe leis an ioncam ó thuaidh a ardú. Molann an staidéar freisin go dtreiseodh Tuaisceart Éireann an táirgiúlacht sa ngeilleagar, bíodh aontú ann nó ná bíodh, mar go neartófaí an caighdeán maireachtála i gcoitinne.[9][10][11]