Is é atá i gceist le hathrú aeráide ná an t-athrú in aeráid domhanda nó in aeráidí réigiúnacha thar tréimhse ama. Cuireann sé síos ar na hathruithe in athraitheacht nó i meánstaid an atmaisféir thar réimsí amscálaí ó deich mbliana go na milliún bliain. Is féidir gur próisis inmheánacha an domhain (mar sh. bolcáin), fórsaí seachtracha (mar sh. éagsúlachtaí i ndéine solais gréine) nó, le déanaí, gníomhaíochtaí daonna is cúis leis na hathruithe seo.
Sa bhliain 2023, sáraíodh na teochtaí ab airde a bhí ar an taifid ó bhí 1940 ann,[2] le linn na tréimhse idir 3 Iúil agus 6 Iúil 2023. Bhí 2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid ach sáraíodh na teochtaí sin in 2024. Bhí Dé Domhnaigh 21 Iúil 2024 ar an lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na taifid.[3] Ar an meán, bhí an teocht dhá mhéadar os cionn dhromchla an domhain chomh hard le 17.09 céim Celsius, .01C níb airde ná an teocht ab airde roimhe sin sa bhliain 2023.[4]
Gach mí ó bhí Meitheamh 2023 ann - trí mhí dhéag as a chéile - chuir Copernicus tuarascáil ar fáil go bhfuil gach mí ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid, i.e., bhí Márta 2024 ar an Márta ba theo riamh; bhí Aibreán 2024 ar an Aibreán ba theo riamh agus bhí Bealtaine 2024 ar an mBealtaine ba theo riamh agus mar sin de.[2]