Balla na hUngáire | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Cordon (en) agus border barrier (en) | |||
Foirgníocht | 2015 | |||
Tréith | ||||
Déanta as | cruach | |||
Tomhas | 175,000 () m | |||
Suíomh geografach | ||||
Suíomh | teorainn idir an Ungáir agus an tSeirbia | |||
| ||||
Sa bhliain 2015, tógadh balla ar an teorainn theas idir an Ungáir agus an tSeirbia chun inimircigh nó teifigh a choimeád amach. Tá an balla seo ceithre mhéadar ar airde agus 170 km ar fad.[1] D´fhógair Promh-aire na hUngáire Viktor Orbán tógaíl an bhalla i Mí an Mheithimh 2015. Bhí Príomh-aire na Seirbia, Aleksander Vucic agus Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel go láidir i gcoinne an bhalla. 'Ní réiteoidh an balla seo fadhb ar bith,' a dúirt siad.
De ghnáth bogann na teifigh / inimircigh ar aghaidh go tíortha eile san Aontas Eorpach ar nós an Ghearmáin nó an tSualainn. Sa bhliain 2015, tháinig 80% díobh as an tSiria, An Iaráic agus An Afganastáin.[2] Mar bhall den Aontas Eorpach, tá an Ungáir suite sa Limistéar Schengen murab ionann is an tSeirbia. Níl gá le pas chun taisteal idir an 26 thír sa Limistéar Schengen. Mar sin nuair a shroicheann inimircigh an Ungáir is féidir leo taisteal go héasca ó thír go tír.
Thóg an Bhulgáir balla den saghas céanna ar an teorainn leis an Tuirc.
Ar an 15 Meán Fómhair 2015, bhí "staid éigeandála" fógraithe ag Orbán . Mhaígh sé go raibh os cionn "200,000 imirceach" tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana, rud nach raibh fíor go baileach (níor fhan siad sa tír, thrasnaigh siad an Ungáir).[6][7]