![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1949 75/76 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file, scríbhneoir próis, drámadóir ![]() |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scríbhneoir Éireannach is ea Biddy Jenkinson (ainm cleite), Máire Ní Aodh is fíorainm di. Rugadh í sa bhliain 1949 i mBaile Átha Cliath agus d'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá bailiúcháin filíochta, dhá bhailiúchán gearrscéalta agus drámaí foilsithe aici .
Tá sé ráite go bhfuil sí ag iarraidh léargas nua a thabhairt ar bhunús naofa an dúlra agus ar a ndéanann na mná lena chothú.[1] Tá suim mhór aici sa traidisiún liteartha. Tá rogha déanta aici den Ghaeilge mar theanga chruthaitheach agus deir sí go bhfuil sí go mór i gcoinne an éilimh go n-aistreofaí gach saothar Gaeilge go Béarla gan mhoill.[2] Moladh a saothar as a dhianmhothú, a ghreann agus a ilghnéitheacht.[3]
Bhí sí ina heagarthóir ar Éigse Éireann/Poetry Ireland Review ón mbliain 2000 go dtí an bhliain 2001.