Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Eanáir 1939 Contae Mhuineacháin, Éire |
Bás | 12 Márta 1974 35 bliana d'aois |
Seanadóir na hÉireann | |
1 Meitheamh 1973 – 12 Márta 1974 Téarma parlaiminte: 13ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Saíochta agus Oideachais | |
Teachta Dála | |
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 19ú Dáil Toghcheantar: Muineachán Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1969 | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Polaiteoir Éireannach ab ea Billy Fox (3 Eanáir 1939 – 12 Márta 1974). Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael. Dúnmharaigh an tIRA Sealadach é. Ba é Billy Fox an t-aon Chomhalta de Thithe an Oireachtais a dúnmharaíodh le linn Thrioblóidí Thuaisceart Éireann.[1]
Toghadh é den chéad uair chun na Dála mar TD de chuid Fhine Gael do thoghcheantar Mhuineacháin in 1969.[1]
Mar TD, cháin Fox arm na Breataine as urchair phlaisteacha a úsáid le haghaidh smachtú gráscair agus as cráitéir a chur in ‘bóithre neamhcheadaithe’ cois teorann. Tharraing sé poiblíocht náisiúnta nuair a cuireadh le forneart ó sheomra na Dála é le linn díospóireacht Dála i mí na Nollag 1971 nuair a chuir sé dhá urchar phlaisteacha agus ceanastar de ghás CS ar taispeáint, a mhaígh sé a scaoileadh trasna na teorann ag fórsaí na Breataine.”
Tar éis dó a shuíochán a chailleadh in 1973, toghadh é ina Sheanadóir ar an Rolla Saíochta agus Oideachais.[1]
Ar an 11/12 Márta 1974 dhúnmharaigh Sealadaigh an IRA é le gníomh díchéillí foréigin nuair a tháinig sé ar ruathar ar theach feirme an teaghlaigh Coulson, i dTír Chuanna, Contae Mhuineacháin. Ní raibh ach 35 bliana slánaithe aige tráth a bháis.[1]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |