Buamáil Guildford (1974)

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Guildford
Map
 51° 14′ 13″ N, 0° 34′ 18″ O / 51.237054°N,0.571753°W / 51.237054; -0.571753
Cineálionsaí buamála Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana5 Deireadh Fómhair 1974 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGuildford, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe65 Cuir in eagar ar Wikidata

Maraíodh ceathrar saighdiúirí agus sibhialtach amháin agus gortaíodh 65 duine de bharr na mbuamaí a leagadh sa bhliain 1974 i dhá theach tábhairne i nGuildford, Surrey, ina mbíodh saighdiúirí de chuid na Breataine go rialta. Idir 17 agus 21 bliain d'aois a bhí na daoine a cuireadh den tsaol.[1]

Tharraing an t-uafás aird na cruinne i ngeall ar an iomrall ceartais a bhain leis; ciontaíodh ‘ceathrar Guildford’ agus ‘seachtar Maguire’ san éagóir agus chaitheadar blianta i bpríosún sular cuireadh a gciontuithe ar neamhní.[2]

Horse and Groom, Guildford, 2023
Swan Lane Guildford, áit a raibh an Seven Seas

Ar an 5 Deireadh Fómhair 1974, phléasc dhá bhuama ag an Horse and Groom agus an Seven Stars, dhá theach tábhairne sa bhaile Sasanach Guildford, Surrey, ina mbíodh baill d'Arm na Breataine go rialta.

Maraíodh cúigear san ionsaí a rinne an tIRA ar thábhairne, ceathrar saighdiúirí sna déaga, beirt bhan agus beirt fhear agus sibhialtach 22 bliain d’aois. Gortaíodh 57 agus in ionsaí eile in aice láimhe gortaíodh ochtar eile. Ba iad sin Caroline Slater, 18, William Forsyth 18, John Hunter 17 agus Ann Hamilton, 19, agus sibhialtach a bhí ina shuí in aice leo, plástrálaí Paul Craig, 22. Gortaíodh 57 eile, cuid acu go dona.[3][4]

Tamall gearr i ndiaidh an uafáis phléasc buama i dtábhairne eile sa chomharsanacht inar gortaíodh ochtar. Coicís ina dhiaidh sin maraíodh beirt saighdiúirí in ionsaí buamála in Woolwich. Ba iad na hionsaithe sin an chéad racht d’fheachtas buamála de chuid Shealadaigh an IRA i Sasana.

Cóir agus éagóir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceathrar as Tuaisceart Éireann agus Sasana a fritheadh ciontach go héagórach as ionsaí buamála de chuid an IRA sa bhliain 1974. Thug na meáin Ceathrar Guildford orthu.[5]

Níor cúisíodh na daoine a d’admhaigh an t-ionsaí, cuid de ‘Balcombe St gang’ an IRA agus ní bhfuair gaolta na marbh ná na daoine a gortaíodh freagraí ariamh.[2]

Rinneadh 10 dteaghlach iarratas ar an gcomhlacht oidhreachta[6] i dTuaisceart Éireann tabhairt an athuair faoi fhiosrúchán faoi ionsaithe inar maraíodh daoine le linn na dTrioblóidí. Ina measc bhí iarratas faoi bhuamáil tithe ósta i nGuildford.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-09-09). "Buamáil Guildford agus marú eile le cíoradh as an nua" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 Póilín Ní Chiaráin (11 Meán Fómhair 2024). "Ní chothóidh moilleadóireacht muinín go bhfaighidh íobartaigh na dTrioblóidí a gceart" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-14.
  3. Seán Ó hÉalaí. "Cuimhne chráite Conlon" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-05.
  4. Póilín Ní Chiaráin (2019). "‘Ní stair ársa í seo’ – freagraí dlite faoi bhuamáil Guildford" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-05.
  5. "Guildford Four and Maguire Seven" (as en) (2021-11-08). Wikipedia. 
  6. an Coimisiún Neamhspleách Athmhuintearais agus Aimsiú Eolais