| ||||
Cineál | buamáil teach tábhairne ionsaí sceimhlitheoireachta | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | na Trioblóidí | |||
Dáta na bliana | 21 Samhain 1974 | |||
Suíomh | Birmingham, England , Birmingham, England | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | teach tábhairne | |||
Líon básanna | 21 | |||
Líon gortaithe | 182 | |||
Pléascadh buamaí in dhá theach tábhairne in Birmingham, Sasana, ar 21 Samhain 1974.[1] Maraíodh 21 duine sa Mulberry Bush agus sa Tavern in the Town.
Cuireadh an milleán ar an IRA faoin mbuamáil go díreach (ach níor ghlac éinne freagracht as an ionsaí ar feadh na mblianta).
Chinn coiste cróinéara níos déanaí gur foláireamh teileafóin a ndearnadh praiseach de ba chúis leis an moill a bhí ar na póilíní daoine a thabhairt amach as na tithe tábhairne.[2][3] Ach chinn giúiré an choiste cróinéara freisin nach raibh aon locht ar na póilíní agus nach raibh aon eolas faighte acu faoi na buamaí roimh ré.[4]
Ghabh na póilíní Michael Christopher Hayes i 1974; ceistíodh é agus gur scaoileadh saor é.
Ansin sa bhliain 1990, bhí Michael Hayes ar dhuine den bheirt a ainmníodh as na buamaí a leagan in Birmingham, ar chlár de chuid Granada TV.
Sa bhliain 2017, bhí leithscéal gafa ag Hayes, as an mbaint a bhí aige leis an ngrúpa ón IRA a d’eagraigh an bhuamáil Dúirt Hayes go raibh “comhfhreagracht” á glacadh aige as gníomhartha uilig an IRA i Sasana, buamáil Birmingham ina measc. D’adhmaigh sé go raibh sé ina bhall den IRA ar feadh breis agus 30 bliain in Éirinn agus i Sasana agus go raibh páirt aige i ngníomhartha na heagraíochta in Birmingham.
Mhaígh Hayes nach raibh sé i gceist ag an IRA daoine a mharú agus gur thug siad rabhadh leathuair a chloig do phóilíní Shasana faoi na buamaí, ach go raibh moill ocht nóiméad ar an IRA an rabhadh sin a eisiúint,[3] rud ba chúis leis an léirscrios. D'admhaigh Hayes gur bhain sé féin an dochar as an tríú buama nuair a chuala an IRA faoin ár a rinneadh sa dá áit eile.[5] úirt sé go raibh a choinsias glan agus nach aon dúnmharfóir é féin.[6]
Ar 25 Samhain 1974 i bParlaimint Westminster, ritheadh an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta. Ag an am céanna, d'fhógair an tAire Briotanach, an 'Rúnaí Baile', Roy Jenkins, gur eagraíocht mhídhleathach a bhí san IRA Sealadach. Dúirt sé "The powers... are Draconian. In combination they are unprecedented in peacetime."[7]
Bhain na péas úsáid as an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta chun daoine neamhchiontacha a chur i ngéibheann.
Chuir Michael Havers cás an ionchúisimh i láthair sa bhliain 1975. Ar 15 Lúnasa 1975 ciontaíodh san éagóir seisear, ar a dtugtar ‘Seisear Birmingham’, mar gheall ar an mbuamáil.