Béal Feirste Thiar (toghcheantar na Ríochta Aontaithe)

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéal Feirste Thiar

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 36′ 23″ N, 5° 57′ 24″ O / 54.606277°N,5.95665°W / 54.606277; -5.95665
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán103,200 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,286.02 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla45.144 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú15 Samhain 1922

Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é Béal Feirste Thiar. Cruthaíodh sa bhliain 1922 é.

Atoghadh Paul Maskey san Olltoghchán 2024.

Seo an suíochán is "sábháilte" ar fad de chuid Shinn Féin. Tá an ceantar suite timpeall Baile Andersean ar Bhóthar Sheoige agus Bóthar na bhFáll (tá an Ghaeilge ina teanga pobail i mBéal Feirste Thiar de thoradh Gaeltacht Sheoige atá suite ann). Rugadh an polaiteoir Gerry Adams Shinn Féin sa cheantar, agus cónaíonn sé ann fós.[1]

Toghadh Paul Maskey (SF) ina fheisire i gcomharbacht ar Gerry Adams in 2011 le 70% den vóta. Ba é 54% an sciar is lú den vóta a fuair sé in aon olltoghchán ó shin, níos mó ná trí oiread na vótaí a fuair an t-iarrthóir ba ghaire dó.  Toghadh Maskey gan fadhb arís san Olltoghchán 2024.

Ba é Gerry Carroll ó Phobal roimh Bhrabús ba ghaire do Maskey in 2019. In 2024 bhí Carroll tá ag feachtasaíocht go dian, go háirithe ar cheist Gaza agus débhríocht Shinn Féin faoin ár ansin, a gcinneadh freastal ar imeachtaí sa Teach Bán in Washington Lá Fhéile Pádraig d’ainneoin iompar Mheiriceá san áireamh.[2]

Tháinig athrú ar chomhdhéanamh an toghcheantair in 2024, ó aistríodh bardaí na Seanchille, timpeall 2,000 vótaí aontachtacha ó Béal Feirste Thuaidh go Béal Feirste Thiar.[3] In 2024, bhí feachtas an-ghníomhach ag Frank McCoubrey DUP a raibh súil aige ar shuíochán Tionóil an chéad uair eile de bharr na vótaí aontachtacha atá aistrithe isteach sa toghcheantar ón tSeanchill.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
  2. Póilín Ní Chiaráin (30 Meitheamh 2024). "Gavin Robinson agus an DUP faoi dhianbhrú i mBéal Feirste Thoir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-07.
  3. Póilín Ní Chiaráin (30 Meitheamh 2024). "Gavin Robinson agus an DUP faoi dhianbhrú i mBéal Feirste Thoir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-07.