Béarla | Dublin GAA | ||||||||||
Cúige | Cúige Laighean | ||||||||||
Leasainm | Na Baile Átha Cliathaigh Na Duibhlinnigh Na Dubs Na Jacks/Jackies Na Boys in Blue Na Metropolitans | ||||||||||
Dathanna | Gorm is dubhghorm | ||||||||||
Staid | Páirc Parnell | ||||||||||
Spórt ceannasach | Peil Ghaelach | ||||||||||
Sraith Pheile Náisiúnta | Roinn 1 | ||||||||||
Sraith Iomána Náisiúnta | Roinn 1A | ||||||||||
Craobh Pheile | Corn Mhic Uidhir | ||||||||||
Craobh Iomána | Corn Liam Mac Carthaigh | ||||||||||
Peil na mBan | Corn Uí Mháirtín | ||||||||||
Camógaíocht | Corn Uí Dhubhthaigh | ||||||||||
|
Is é Cumann Lúthchleas Gael Chontae Bhaile Átha Cliath an eagraíocht ina imrítear na cluichí Gaelacha atá sa Cumann Lúthchleas Gael i gContae Bhaile Átha Cliath. Is iad peil Ghaelach, iomáint, Peil Ghaelach na mBan agus camógaíocht na cluichí a imrítear sa chontae, ach is é an peil an ceann is coitianta.
Tá na Dubs i measc na foirne is láidre sa spórt seo, agus tá 24 bua acu sa Craobh Peile Sinsearach na hÉireann. Bhí an bua deireanach acu sa bhliain 2013.
Bhí an céad bua sa chomórtas ag na Dubs sa bhliain 1891, nuair a fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne Corcaigh (2-1 - 1-1). Lean an rath ar aghaidh an bhliain ina dhiaidh, le bua i gcoinne Ciarraí. Ach, b'é an tréimhse is rathúla a bhí acu ná na 1970í, agus meastar go bhfuil an fhoireann ón ré seo i measc na cinn is fearr riamh. Bronnadh an Corn Sam Mhic Uidhir ar Kevin Heffernan agus "Heffo's Army" i 1974, 1976, 1977 agus arís i 1983.
Tuilleadh eolais ag Craobh Sinsear Peile Bhaile Átha Cliath.
Go traidisiúnta, fágadh an iománaíocht in áit na leathphingine sa phríomhchathair agus an pheil agus na cluichí iasachta araon ag fáil an ceann is fearr uirthi. Cuireadh infheistiú mór isteach sa chontae le blianta beaga anuas, agus tá athbheochan iomána le feiceáil.
Tá sé teideal buaite acu i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann, an ceann deireanach sa bhliain 1938. Thit an fhoireann síos go dtí Sraith 2 den Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta sa bhliain 2005. Bhuaigh an fhoireann mionúir Craobh Laighean sa bhliain chéanna, an chéad bua a bhí acu ó 1983.
Bhí dul chun cinn déanta acu sa bhliain 2006, agus cuireadh ar ais iad sa Sraith 1, tar éis bua in éadan Ciarraí sa chluiche ceannais Sraith 2 (0-17 - 1-06). Ní raibh tús maith acu sa bhliain nua, ach choimeád siad a áit sa Sraith mór.
Bhí triúr fear a bhí bainteach le CLG Bh.Á.C mar Uachtaráin ar an CLG go dtí seo.
Glaotar Na Dubs ar lucht leanta Átha Cliath agus is minic aithne orthu mar an lucht leanta is fearr nó an lucht leanta is measa sa tír. Tá an contrárthacht seo ann toisc go ndeirtear gur lucht sacair iad lucht leanta na Dubs cé go mbíonn an-atmaisféar agus an-dath le feiscint aon áit go dtéann siad. Seans chomh maith gur eascraigh sé seo ó na seachtóidí nuair a bhí Heffo's Army i mbarr a réime. I gcraobh peile na hÉireann i 1974 thosaigh lucht leanta na Dubs ag canadh amhráin a fuaireadar ó phríomhroinn shacar Shasana ar nós You'll Never Walk Alone. Tá amhráin fós an-choitianta i measc na sluaite a leanann foirne B.Á.C ach is dírithe ar Bh.Á.C a bhíonn amhráin an lae inniu mar shampla Molly Malone agus Dublin in the Rare Old Times nó dírithe ar an bhfoireann féin cosúil le Come on you boys in blue. Is ar Chnoc a 16 i bPáirc an Chrócaigh a bhailíonn cuid mhaith de lucht leanúna Bh.Á.C agus is minic go mbíonn sé lán le dubs agus gan ach cúpla tacadóirí ón bhfoireann eile ann. Is mar gheall air seo a tosaíodh an liú Hill 16 is Dublin only.
Glaotar na Jacks ar fhoirne na bhfear i mB.Á.C uaireanta agus na Jackies a ghlaotar ar fhoirne na mban. Tháinig an dá fhocal seo ó ghiorrúcháin den leasainm ata ag tuathánaigh ar Bh.Á.C na Jackeens.
Tá an t-iar-Thaoiseach Bertie Ahern agus an t-aisteoir Colm Meaney i measc lucht leanta cáiliúil na foirne.