Cineál | duine ficseanúil carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Comhthéacs | |
Cruinne | An Fhiannaíocht |
Dáta | |
Inscne | fireann |
San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, ball den ccc ab ea Caoilte (Sean-Ghaeilge Caílte) mac Rónáin, nia Fhionn mhic Cumhaill. Bhí cumas aige rith ar luas lasrach agus labhairt le hainmhithe. Ba scéalaí den scoth é, agus luaitear roinnt dánta na Fiannaíochta leis.
Sa scéal gearr as Meán-Ghaeilge Finn agus Gráinne, insítear gurb í a shinsearach "mac Oisgen nó Conscen, mac ghabha Múscraige Dobrut; is mac iníon Chumaill é."
Insítear sa seanscéal Cath Gabhra nár tháinig slán de bhaill na bhFiann i ndiaidh an chatha deiridh ach an bheirt ghaiscí, Caílte agus Oisín. Is príomh-phearsana iad sa scéal Acallam na Senórach, ina maireann siad go ré na Críostaíochta, agus insíonn siad scéalta na bhFiann do Naomh Pádraig, tagtha le gairid.
Laoch seanscéalach ab ea Cas Corach a chabhraigh le Caílte tri ainmhí ar nós conreachta, iníonacha Airitech, a mharú. Thagaidís gach Samhain as an uaimh ag Ráth Cruachan amach, agus dhíothaidís caoirigh. TheN bhreá leo ceol, mar sin, sheinn Cas a chruit chun chur isteach orthu agus iad a mhealladh ar ais chuig a riocht daonna, fad is a chaith Caoilte sleá a ndeachaigh tríd an triúr isteach, á marú.
Bhí claíomh aige darbh ainm Cruachoscarach (Cruadh-Chosgarach[1]).
Bhí iníon ag Bodhbh Dearg mac Daghdha darbh ainm Scathniamh. Bhí sise agus Caoilte i ngrá, ach cuireadh iachall orthu scaradh óna chéile. Níor bhuail siad le chéile arís go dtí siad beirt sean, seargtha, agus Caoilte ar cheann de na Fianna deireanacha a mhair fós.