Calafort Caergybi

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCalafort Caergybi

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 18′ 34″ N, 4° 37′ 44″ O / 53.3094°N,4.6289°W / 53.3094; -4.6289
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta Aontaithean Bhreatain Bheag
Contaebhuirg na Breataine BigeInis Món Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Eile

Suíomh gréasáinholyheadport.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Is calafort mór é Calafort Caergybi,[1] suite i gcontae Ynys Môn in iarthuaisceart na Breataine Bige, an calafort sa Bhreatain Bheag a dhéanann freastal ar bháid farantóireachta go hÉirinn.[2] De ghnáth, téann 60% d’earraí a thagann isteach in Éirinn trí chalafort Caergybi.[3]

Is é Caergybi an baile is mó ar Ynys Gybi, Ynys Môn.[4] Is gnách le hÉireannaigh taisteal go Sasana ar an mbád agus an traein a fháil nuair a leaindeáil siad i gCaergybi.[5]

Stena Line
Irish Ferries agus an "Jonathan Swift"

Stoirm Darragh, 2024

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 6 Nollaig 2024, rinne stoirm Darragh dochar criticiúil don chalafort Caergybi – cruthúnas eile, má bhí cruthúnas eile ar bith ag teastáil, go bhfuil truailliú na haeráide ag bagairt go láidir ar Éirinn. Deir saineolaithe go mbeidh tuilleadh stoirmeacha tréana den chineál seo ann sa todhchaí is go léiríonn an dochar a rinneadh in Caergybi an phráinn a bhaineann le teacht ar réiteach ar fhadhb na haeráide.[6]

Bhí an calafort dúnta ón 7 Nollaig 2024 mar gheall ar an damáiste suntasach a rinneadh do cheann de na beartanna feisithe ansin le linn na stoirme an oíche roimhe sin. Bhí seirbhísí farantóireachta idir Baile Átha Cliath agus Caergybi curtha ar ceal.

Chuaigh an eachtra i gcion go mór ar chúrsaí trádála agus ar phaisinéirí le linn Nollag 2024. Chuir an dúnadh isteach go mór ar an bpost idir Éire agus an Bhreatain. Dúirt Comhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann go raibh baill dá gcuid ag cailleadh trí chéad míle euro gach seachtain mar gheall air.[3]

Cuireadh an trácht ar mhalairt slí trí Bhaile Átha Cliath-Learpholl, Bhaile Átha Cliath-Abergwaun[7] agus Bhéal Feirste-Càrn Rìoghain.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Béarla: Port of Holyhead
  2. "39 corp aimsithe i leoraí i Sasana agus fear as an Tuaisceart gafa" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-10-23). Dáta rochtana: 2024-12-17.
  3. 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge, Londain (21 Nollaig 2024). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-12-21.
  4. Maitiú Ó Coimín (18 Meitheamh 2024). "‘Turas glas’ ó Chois Fharraige chuig an Bhreatain Bheag" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-17.
  5. Mairéad Ní Nuadháin (2 Iúil 2021). "Macallaí Kingstown fós i nDún Laoghaire ríoga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-17.
  6. Eoin Ó Murchú / An Páipéar (2024-12-21). "Buille mor is ea dúnadh chalafort Caergybi" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-22.
  7. Fishguard
  8. Nuacht RTE (2024-12-17). "Calafort Caergybi dúnta go ceann míosa eile" (as ga-IE).