Cineál | carachtar miotasach ![]() |
---|---|
In Miotaseolaíocht na nGael, ceapadóir na cláirsí ab ea Cana Cludhmór nó Clúmór,[1] agus luaitear í go minic mar bhandia an cheoil, an spreagtha agus na dtaibhreamh. Tá botún cló ina hainm i roinnt foinsí, sé sin, Canola.[2][3]
Tar éis argóinte lena fear céile, Machuel, d'fhág sí an teach ag meánoíche ar siúlóid chun a ceann a ghlanadh. Chuala sí ceol binn sa ghaoth, agus suaimhníodh ar ball beag a chnap codlata í ar an trá. Agus í dúisithe ar mhaidin, thuig Cana gurbh í an ghaoth a bhí ag canadh an cheoil, ag séideadh trí fhéitheoga leathlofa, fós ceangailte le creatlach mhíl mhóir. Spreag é seo í an chláirseach a dhearadh.[1]