![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Chill Mhantáin ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 105 m ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1416544 |
Sráidbhaile in Éirinn is ea Carn an Bhua.[1] Carnew a thugtar air i mBéarla. Tá sé suite i gContae Chill Mhantáin, gar do theorainn Chontae Loch Garman. Is é Carn an Bhua an baile is faide ó dheas sa chontae.
Ar an 25 Bealtaine 1798, chuir na saighdiúirí 26 príosúnach chun báis sa phinniúr.
Is iomaí Protastúnach a bhí ina chónaí i gCarn an Bhua tráth. Chuir go leor díobh fúthu sa cheantar sa naoú céad déag mar thug muintir Fitzwilliam talamh dóibh.
As Carn an Bhua do mhuintir Graham Norton.[2]
Tá club de chuid CLG sa cheantar, na hEmmets. Bhaineadar craobh iomána an chontae sa bhliain 2009.[3] Imríonn Brian Osborne le foireann peile an chontae.[4]