Cineál | cath |
---|
Scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe é Cath Maighe Mucramha[1] (Sean-Ghaeilge Cath Maige Mucrama) scríofa as Meán-Ghaeilge. Caomhnaítear an lámhscríbhinn is sine sa Leabhar Laighneach, a théann siar go dtí lár na 12ú haoise. De réir Wiley, téann an leagan sin den scéal siar go dtí an 9ú haois.[2]
Faightear sa scéal roinnt príomhcharachtar as bréagstair na hÉireann, san áireamh Ailill Aulom, a mhac Eoghan Mór agus a mhac altrama, Lughaidh mac Con, i dteannta le rí na Teamhrach, Art mac Cuinn. I gCúige Chonnacht ab ea Maigh Mucrama, gar do Bhaile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe. Tá dinnseanchas ann a deir gur ainmníodh an mhaigh de bharr na muca draíochta a bhí amhail inmhíolú ann, sular chuir Méabh na gConnacht an ruaig orthu.[3]
Tháinig Mac Con, ar deoraíocht, ar ais go hÉirinn, le cabhair ó rí na Breataine, i dteannta le harm Briotanach agus Sachsanach, agus chloígh sé Éire chomh fada le cúige Connacht, áit a raibh sé ar intinn ag Eoghan troid le cabhair ó Art mac Cuinn. Am oíche roimh an gcath, luigh Eoghan agus Art le hiníonacha a n-óstaigh, ag giniúint na mac a rachadh i gcomharbacht orthu, Fiachu Muillethan agus Cormac mac Airt. Mar a bhí tuartha, fuair Eoghan agus Art araon bás le linn chath Maigh Mucramha, agus tháinig Mac Con i gcoróin i Teamhraigh.[4]
Thóg Mac Con Cormac mar mhac altrama, agus bhí sé i réim le seacht mbliana. Thug sé ansin breithiúnas bréige, rud a chuir le fios nár inniúil é mar rí. Thug Cormac áfach deabhreith. Tharla anachain ansin — "níor fhás féar sa chré, nó duilleog ar chrann, nó grán i n-arbhar" mar a deir sa scéal. Cuireadh Mac Con as a choróin agus tháinig Cormac i gcomharbacht air.
Chuaigh Mac Con chuig cúirt Ailealla court, áit a thug a mháthair altrama rabhadh dó go raibh baol roimhe. Nuair a rug Ailill barróg ar Mhac Con, bhain sé greim as lena fhiacail nimhe, á ghoin. Theith Mac Con, ach maraíodh é ag gaiscíoch Ailealla.[4]
Is amhlaidh gurb í feidhm pholaitiúil an scéil ná cinsealacht sliocht Airt (na Connachta agus na hEoghanachta) thar shliocht Mhic Con (Corca Laidhe) a mhíniú agus a dlisteanú. Bhíodh na Connachta agus a fomhuintir Uí Néill ina n-Ard-Ríthe na hÉireann agus Ríthe na gConnacht; na hEoghanachta ina Ríthe na Mumhan; ach ní raibh tionchar polaitiúil ag Corca Laoi tar éis na 7ú haoise. Sa mhéid sin, is cuid de seanscéalta bunúis de mhuintir Uí Néill agus na hEoghanachta.[5][6][7]
Bhí na hEoghanachta de shliocht na nDeirgtine. Bhí Mac Con de shliocht na nDáirine ársa, col ceathrair na nUladh.
Aistríodh an scéal go Béarla le:[3]
Ina theannta sin, d'fhoilsigh Peadar Ua Laoghaire leagan Nua-Ghaeilge sa bhliain 1917 faoin teideal Lughaidh Mac Con.[8]