Catherine Corless

Infotaula de personaCatherine Corless
Beathaisnéis
Breith1954
69/70 bliana d'aois
Tuaim, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Is staraí amaitéarach Éireannach í Catherine Corless (née Farrell, a rugadh sa bhliain 1954). Sna 2010idí, rinne sí taighde faoi líon na mbásanna in áras na máithreacha agus naíonán i ndeoise Thuama. an 'Bon Secours Mother and Baby Home' i Thuama, Gaillimh.[1][2][3]

D'fhoilsigh Corless alt faoi stair an Bon Secours don chéad uair sa Journal of the Old Tuam Society, 2012.

Chaith sí blianta ag cuardach taifid i leabharlanna, séipéil agus oifigí na Comhairle. Fuair sí amach go bhfuair 796 leanaí bás san Áras idir 1925 - 1961 ̈(dúnadh an Bon Secours sa bhliain 1961). D'aithin sí go raibh teastais báis ann ach ní raibh aon taifead adhlactha acu.[4][5][6] Bhí an fhianaise a bhí á lorg aici fíorghann ar fad. Chomh maith leis sin bhí sé thar a bheith deacair di a lámh a leagan ar leabhair thaifead nó ar eolas cuí i dtaobh na naíonán éagsúil. Ní ba mheasa fós cuireadh ina haghaidh agus í ag iarraidh teacht ar an bhfianaise seo.[7]

D'fhoilsigh Corless alt arís sa bhliain 2014, alt a tharraing conspóid an uair seo.[8]

olluaigh

Bhí ar Corless an fód a sheasamh in aghaidh na n-institiúidí eaglaise agus stáit agus í ag iarraidh an fhírinne a aimsiú maidir le bás agus adhlacadh na gcéadta naíonán in áras na máithreacha agus naíonán i ndeoise Thuama.[7]

Sa bhliain 2021, dúirt an Taoiseach Mícheál Martin, 'Ba mhaith liom aitheantas ach go háirithe a thabhairt don pháirt ríthábhachtach a bhí ag Catherine Corless, a bhfuil bunú an Choimisiúin ina thoradh díreach ar an obair a rinne sí ag láthair Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama.'[9]

Bunaíodh an Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí in 2015 de bharr a cuid taighde.

Memoir: ‘Belonging’ le Catherine Corless Hachette Ireland, lch 480.,

  • Bronnadh Gradam do Phearsa na Bliana uirthi sa bhliain 2018..[10][11]
  • 'Bar of Ireland Human Rights Award' mar aitheantas ar "seirbhíse daonnúla eisceachtúla".[12][13][14]
  • Gradam speisialta le haghaidh Taighde Imscrúdaithe ag 'Newsbrands Ireland Journalism Awards' 2017.[15]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Máirtín Ó Catháin (25 Meán Fómhair 2019). "Scéalta faoi uafás leanaí agus máithreacha Thuama inste ag cruinniú Comhairle Contae" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-12.
  2. "Catherine Corless’ memoir is a story of the living as much as the dead" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-01-12.
  3. Bláthnaid Libh, RTÉ Raidió na Gaeltachta (2019-05-03). "'ní fhéadfá a rá gur curtha atá siad ach caite i dtraipisí'" (as ga-IE). 
  4. "The mother behind the Galway children's mass grave story: 'I want to know who's down there'" (en).
  5. "She was right: How Catherine Corless uncovered what happened in Tuam" (en). TheJournal.ie.
  6. "The Lost Children of Tuam" (en-US). The New York Times.
  7. 7.0 7.1 Mícheál Ó Ruairc (15 Feabhra 2021). "Beirt bhan mhisniúil – Máiréad Ní Ghráda agus Catherine Corless" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-12.
  8. Catherine Corless (2014). "The Home". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-06-18. Dáta rochtana: 2023.
  9. "Ráiteas an Taoisigh: Tuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin ar Árais Máithreacha agus Naíonán agus ábhair bhainteacha ar leith" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2023-01-12.
  10. "Historian Catherine Corless and campaigner Vera Twomey among winners honoured at People of the Year Awards - Independent.ie" (en). Independent.ie.
  11. "Coast Guard, Catherine Corless honoured at POTY awards" (en). RTE.ie.
  12. "'Tuam babies' historian wins award" (en-GB). BBC News.
  13. "'Fearless' Catherine Corless wins human rights award" (en). TheJournal.ie.
  14. "Galway historian Catherine Corless receives Human Rights Award" (en-US). The Irish Times.
  15. "The Tuam Herald - Catherine Corless honoured at Journalism Awards 2017" (en-gb). The Tuam Herald.