Dream Gaelach i nÉirinn ársa ba ea na Cauci (Καῦκοι), luaite ach amháin le Tolamaes ina shaothar, Geografaíocht, den dara haois AD. Lonnaithe ba ea iad dar leis i gContae Bhaile Átha Cliath agus Contae Chill Mhantáin an lae inniu.[1][2]
Ón luath-19ú haois ar aghaidh, d'aithin teangeolaithe comparáideacha, go suntasach Lorenz Diefenbach agus Julius Pokorny, na Cauci leis na Chauci Gearmánacha as na hÍsealtíre agus iar thuaisceart na Gearmáine, nasc aitheanta cheana féin ag seanscoláireacht níos luaite.[3] Cé nach nglacann cách leis an nasc Cauci-Chauci seo, is amhlaidh dá mba fhíor gur fianaise atá ann le haistriú daonna idir an dá cheantar.[4][5] Deir tacaithe gurb ionann beagnach ainm na Manapii (Μανάπιοι), lonnaithe ar léarscáil Tholamaes ar chomhtheorainn ó dheas desna Cauci, agus treibh mór-roinne eile, na Manapii lonnaithe sa Bheilg.
Tharraing an scoláireacht sé uile aird ar ceannaire na Lusitani darbh ainm Kaukainos (Καυκαῖνος), agus cathair darbh ainm Kauka (Καύκα) (Coca an lár inniu), ina raibh ionas gcónaí na Kaukaioi (Καυκαῖοι), clann de chuid na Vaccaei, treibh shuntasach Cheilteach a bhí teanga Easpáin-Cheiltis á labhairt acu.[6]
Maidir le sleachta na gCauci Éireannacha, molann Pokorny agus Ó Briain[7] faoi seach na clanna éiginnte meánaoiseacha Uí Cuaich agus Cuachraige, cé nach bhfuil nasc cruthaithe fós.