♀ | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Arachnida |
Ord | Araneae |
Fine | Araneidae |
Géineas | Celaenia |
Speiceas | Celaenia excavata (Koch, 1867) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Cyrtogaster excavata |
Damhán beag coitianta is ea Celaenia excavata (damhán caca éin nó cacadán) atá le fáil go minic i ngairdíní. Itheann sé feithidi, go háirithe féileacáin oíche.
Cuireann an damhán seo dealramh caca éin air féin mar cheileatram. Dath dubh agus bán atá air, agus fanann an damhán baineannach gan bhogadh ar feadh an lae, a cosa tarraingthe aníos agus a bolg ina chruit. Is lú toirt an damháin fhireannaigh ná toirt an damháin bhaineannaigh.
Scaoileann an damhán seo uaidh boladh atá cosúil le faramón gnéis a úsáideann féileacáin bhaineannacha oíche chun féileacáin fhireannacha a mhealladh. Nuair a dhruideann na féileacáin úd isteach leis an damhán beirtear orthu.
Is féidir leis an damhán caca éin suas le trí saic uibheacha déag a bhreith. Tá dath dúdhonn orthu agus baill dhubha, agus fágtar ar crochadh sa líon iad. Bíonn an damhán baineannach ag faire ar na huibheacha go dtí go dtagann an t-ál amach, rud a dhéantar, de ghnáth, i ndeireadh an gheimhridh nó i dtús an Earraigh.
Eolas ar an gcacadán ó Mhúsaem Victoria Curtha i gcartlann 2011-11-14 ar an Wayback Machine