Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 908 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe na nOsraí | |
905 – 908 ← Diarmait mac Cerbaill – Diarmait mac Cerbaill → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Dubhdara (?), Donnchadh mac Cellaigh, Cuilén mac Cellaig |
Athair | Cearbhall mac Dúnlainge |
Siblín | Diarmait mac Cerbaill agus Eithne ingen Cerbaill |
Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Ceallach mac Cearbhaill (Sean-Ghaeilge Cellach mac Cerbaill). Bhí sé i réim ón mbliain 905 go dtí a bhás sa bhliain 908.[1]
Cearbhall mac Dúnlainge (bás c. 888), iar-rí, ba ea athair Cheallaigh. Bhí sé pósta le Echrad ní Madadún mhic Aodha (rí na nUlad, bás c. 950). Bhí mac acu, Donnchadh (bás c. 976), a bheadh ina rí Osraí in am trátha.[2] Mac Aodha (bás c. 919) mhic Eochagáin mhic Aodha (bás c. 883) ba ea Madadún, athair chéile Cheallaigh.[3] Bhí Eochagán pósta le hInderb ní Máel Dúin de Cenél nEógain. Bhí Máel Dúin (bás c. 867) agus a athair, Áed Oirdnide mac Néill (bás c. 819), ina ríthe Ailigh.[4][5][6][7][8][9]
Bhí beirt mhac ag Ceallach, Cuilen agus Donnchad.
Bhí Ceallach ar an bhfód i gCath Gabhrán sa bhliain 893.[10] Tháinig sé i gcoróin tar éis dá dheartháir níos sine Diarmait a chur as sa bhliain 905. Maraíodh Ceallach i gCath Mhagh Ailbhe, ag troid ar son an rí-easpaig, Cormac mac Cuileannáin, sa bhliain 908. Mar a insítear i nAnnála Inis Faithlinn:[11]
“ | AI 908.2:Cath Maige Aillbe ré Lagniu & h-Uib Neill for Mumnechu in quo cecidit Cormacc macc Cuilenáin, rí Cassil, & Cellach macc Cerbaill, rí Osraige | ” |
Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí ámh gur tharla an cath úd ag Bealach Múna sa bhliain 903:[13]
“ | ACM 903.7: Cath Bhealaigh Mughna ria f-Flann mac Maoil Sechlainn, rí Ereann, ... for Corbmac mac Cuilennáin, rí Caisil... At iad na saer-clanna torcratar imaille fris ... Ceallach mac Cearbhaill, tighearna Osraighe | ” |
Tar éis a bháis, chuir a gcol ceathrar, an tArdrí Flann Sinna, Diarmaid deartháir Cheallaigh ar ais i gcoróin. Adhlacadh é is dóigh sa reilig i Saighir.
Sinsear na clainne meánaoisí, Mhic Giolla Phádraig is ea Ceallach, agus deirtear sa saothar Íoslannach, Landnámabók, ina dtugtar Kjallakur Kjarvalson air, gur sinsear roinnt luath-lonnaitheoirí na tíre é.[14]
Réamhtheachtaí Diarmait mac Cerbaill |
rí Osraí 905-908 |
Comharba Diarmait mac Cerbaill |