Baill | |
---|---|
Sonny Brogan (Baile Átha Cliath, 4 Iúil 1907 - 1 Eanáir 1965). Ceoltóir Éamon de Buitléar (Bré, 22 Eanáir 1930 - Deilgne, 27 Eanáir 2013). Stiúrthóir scannán Seán Ó Riada (Áth Dara, 1 Lúnasa 1931 - Londain, 3 Deireadh Fómhair 1971). Cumadóir Michael Tubridy (Cill Rois, 1935 - ). Ceoltóir Martin Fay (Baile Átha Cliath, 19 Meán Fómhair 1936 - 14 Samhain 2012). Fidléir Paddy Moloney (Baile Átha Cliath, 1 Lúnasa 1938 - Baile Átha Cliath, 12 Deireadh Fómhair 2021). Léiritheoir ceirníní John Kelly (Talavera de la Reina, 8 Márta 1967 - ). Ceoltóir | |
Sonraí | |
Cineál | banna ceoil |
Stair | |
Áit ar bunaíodh é | Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1960 – 1969 |
Lipéad ceoil | Gael-Linn Records Claddagh Records |
Seánra | Ceol na hÉireann agus ceol Ceilteach |
Banna ceoil traidisiúnta Éireannach ab ea Ceoltóirí Chualann, faoi stiúir Seán Ó Riada, lena n-áirítear go leor de bhunaitheoirí The Chieftains. Chuir an cór coincheapanna ceannródaíocha i bhfeidhm ar an gceol traidisiúnta agus d’athraigh siad treo an cheoil thraidisiúnta in Éirinn. Bhí drochmheon in Éirinn i leith an cheoil thraidisiúnta nuair a thosaigh Ceoltóirí Chualann amach, agus bhí an-tionchar ag an gceol a chas siad ar an meon sin a athrú chun feabhais.[1]
Tá sé luaite gurb é obair Uí Riada le Ceoltóirí Chualann a bhí freagrach as úsáid na mbodhrán mar cnaguirlisí sa cheol Ceilteach a athbheochan.[2]
Sa bhliain 1960 bhí Ó Riada ag lorg ceoltóirí le haghaidh an dráma "The Song of the Anvil"[3] le Bryan MacMahon. Glaodh ar Paddy Moloney (a bhí 20 bliain d'aois san am), le bheith rannpháirteach sa tionscadal, in éineacht lena gcairde Seán Potts ar an bhfeadóg stáin, Sonny Brogan ar an mbosca ceoil agus John Kelly ar an bhfeadóg mhór. Rinne siad cleachtadh seachtainiúil i dteach Uí Riada i bhFaiche na Rás, ar imeall Bhaile Átha Cliath.
I ndiaidh an ratha a bhí acu, smaoinigh Ó Riada ar Cheoltóirí Chualann a bhunú, banna ceoil a bhéas ag tabhairt faoi amhráin thraidisiúnta na hÉireann le foinn tionlacan, máille le rince traidisiúnta agus foinn mhalla, socraithe le hionstraimí: cruitchlár, bodhrán, pianó, fidil, boscaí ceoil, feadóg mhór, na píoba, agus feadóga. Samhlaíodh roimhe seo ar cheoil tíre nó ceol rince a shocrú. Bhí disocaí 78rpm déanta roimhe sin, ach ba foinn tíre iad déanta ar bhealach clasaiceach, an-cheolfhoireannthe. Aidhm eile a bhí ag Ó Riada obair an chláirseora dhall agus chumadóra Toirdhealbhach Uí Chearbhalláin a athbheochan.
Seoladh an banna le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 1960, san Óstán Shelbourne, ag ócáid ar a dtugtar 'Reacaireacht an Riadaigh'. San áireamh sa chlár bhí amhránaithe traidisiúnta, an scríbhneoir Seán Ó Ríordáin agus an file Seán Ó Tuama. B’in an chéad cheolchoirm ar íoc daoine isteach ag ceolchoirm do cheol traidisiúnta chun suí síos ag coirm cheoil de cheol Gaelach. (Roimhe sin bhíodh blúiríní de rudaí éagsúla measctha le chéile sna ceolchoirmeacha). Bhí an Riadach é a dhéanamh mar go ndearna sé an ceol do Mise Éire cúpla bliain roimhe sin agus fuair sé sórt stádas uaidh sin.[1]
I mí na Márta sa bhliain ina dhiaidh sin, thaifead Ó Riada an chéad cheann de sraith de chláir raidió a choinnigh an t-ainm 'Reacaireacht an Riadaigh', agus san áireamh bhí Ceoltóirí Chualann. Go luath tar éis an bhanna a bheith ar an fhód, chuaigh Peadar Mercier agus Seán Keane isteach leo.
Lean Ceoltóirí Chualann ag seinm go dtí 1969. Le linn na bliana sin thaifead siad dhá albam, 'Ó Riada' agus 'Ó Riada Sa Gaiety'. Fuair an Riadach bás in 1971 agus scaoileadh an t-albam Ó Riada's Farewell in 1972.