Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht carthanas ![]() |
Foirm dlí | carthanas ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1986 |
Bunaitheoir(í) | Esther Rantzen ![]() |
Gníomhaíocht | |
Líon saorálaithe | 1,400 (2017) ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 1,303,625 £ (2017) ![]() |
Suíomh gréasáin | childline.org.uk ![]() |
Is líne chabhrach é Childline, chun tacaíocht a thabhairt do pháistí suas le hocht mbliana déag d'aois.[1]
Bhunaigh an craoltóir BBC, Esther Rantzen, an tseirbhís (0800 1111) sa Bhreatain sa bhliain 1986.[2] Is cuid den NSPCC (National Society for the Prevention of Cruelty to Children) í inniu.
Bhunaigh Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí Childline sa bhliain 1989 chun tacaíocht a thabhairt do pháistí in Éirinn (1800 666 666).[3] Sa bhliain 2020, fuair Childline thart ar ceithre chéad míle glaoch ó pháistí ar fud na tíre.[1]
Sa bhliain 2021, bhí sé ráite ag Childline gur i mBéarla amháin a chuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil. Dúirt Childline nach bhfuil polasaí acu faoi labhairt na Gaeilge nó aon teanga eile ach gurb é an Béarla an teanga a úsáidtear chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil do pháistí. Tháinig an scéal seo chun cinn nuair a dúradh le hoibrí Childline gan Gaeilge a labhairt le páistí a úsáideann an tseirbhís tacaíochta, cé gur éirigh leis an oibrí céanna comhrá a dhéanamh as Gaeilge. Tá thart ar fiche cúig míle páistí ina gcónaí sa Ghaeltacht faoi láthair.[1]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |