(2022) | |||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 12 Márta 1992 32 bliana d'aois Port an Pheire, Northern Ireland | ||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath | ||||||||||||||||
Airde | 170 cm | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | iomaitheoir lúthchleasaíochta | ||||||||||||||||
Tréimhse oibre | 2006 – | ||||||||||||||||
Tír spóirt | Éire Tuaisceart Éireann | ||||||||||||||||
Spórt | lúthchleasaíocht | ||||||||||||||||
Disciplín spóirt | 1500 méadar 800 méadar | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Ghlac sé/sí páirt i | |||||||||||||||||
2018 | Cluichí an Chomhlathais 2018 | ||||||||||||||||
2016 | lúthchleasaíocht ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2016 | ||||||||||||||||
Is reathaí meánraoin Éireannach í Ciara Mageean. Rugadh í ar an 12 Márta 1992 i bPort an Pheire, Contae an Dúin.[1]
Tháinig Mageean sa 11ú háit sa 1500 m ag na Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2016.[2]
Ar an 10 Iúil 2016, bhuaigh sí bonn cré-umha sa rás 1500m ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta na hEorpa 2016, a bhí ar siúl in Amstardam, An Ísiltír.
Ar an 3 Márta 2019, bhuaigh sí bonn cré-umha sa rás 1500m ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta Laistigh na hEorpa 2019, a bhí ar siúl i nGlaschú, Albain.
Bhí Craobhacha na hEorpa sa lúthchleasaíocht ar siúl i München mí Lúnasa 2022 agus bhuaigh Mageean bonn airgid sa rás 1,500m.[3]
Sa bhliain 2023, bhí dóchas ollmhór ag Mageean bonn a thabhairt abhaile ón Chraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain, 2023. Ach tháinig sí isteach sa 4ú háit.[4]
Bhuaigh Mageean an bonn óir sa rás 1,500 méadar i gCraobh Lúthchleasaíochta na hEorpa 2024 sa Róimh. Agus í ag déanamh ar an líne, bhí Mageean sáinnithe idir triúr, Georgia Bell agus Jemma Reekie na Breataine agus Agathe Guillemot na Fraince. Chonaic Mageean bearna bheag agus bhris sí tríthi. Bhí an chuma uirthi ar feadh soicind go raibh sí chun gualainn a thabhairt don bheirt Bhriotanach ach d’éalaigh sí tharstu gan teagmháil a dhéanamh leo agus d’fhág ina diaidh an chuid eile agus bhí an bonn óir buaite ag Mageean. Agus í ag labhairt le RTÉ díreach i ndiaidh na rása, dúirt Mageean go raibh baint mhór ag an gcúlra atá aici sa chamógaíocht leis an mbua agus í tar éis gearradh tríd mar a dhéanfadh sí ar pháirc na himeartha sa bhaile.[5]