Cill Fhinn

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Fhinn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 56° 27′ 58″ N, 4° 19′ 05″ O / 56.466°N,4.318°W / 56.466; -4.318
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle Shruighlea Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán765 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinkillin.net Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile i gComhairle Shruighlea in Albain is ea Cill Fhinn.[1] Tá sé suite ag ceann thiar Loch Tatha, ag cumar na n-aibhneacha Dochard agus Lòchadh. Is iad seo a comhordanáidí: 56° 27′ 57.6″ Thuaidh agus 4° 19′ 4.8″ Thiar.

Sa bhliain 2004 bhí 640 duine ina gcónaí anseo.[2]

Ar an taobh thiar den bhaile tá eas ar a dtugtar 'Eas an Dhochairt'.

Timpeall ciliméadar soir ó thuaidh ón mbaile tá fothracha seanchaisleáin, 'Castile Finnlarig', a tógadh sa bhliain 1629.

Dar le hIain Mhic an Tàilleir, ciallaíonn Cill Fhinn "eaglais fhionn". Do bhíodh aonach ar a dtugtar “Féill Faolain” ann.[3]

Ceangal Gaelach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceantar an-Ghaelach a bhí ann san am a chuaigh thart agus leis sin tá naisc bhuana ann go dtí an lá atá inniu ann. Mar is féidir linn a léamh ar an leacht cuimhneacháin, a thóg an Comunn Gàidhealach ar an mbaile féin, don mhinistir iomráiteach Seumas Stiùbhard, a d’aistrigh an Tiomna Nua go Gaeilge na hAlban. Bhí sé bainteach leis an chuallacht ar feadh 52 bliain, go dtí go bhfuair sé bás i 1789.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2023-07-01.
  2. Mid-2004 Population Estimates for Settlements in Scotland
  3. Iain Mac an Tàilleir, "Ainmean-Àite", leathanach 71, Pàrlamaid na h-Alba