Príomhshráid Chill Mhic Réanáin, ag breathnú soir ó dheas thar an droichead thar Abhann an Lorgaigh
Is sráidbhaile í Cill Mhic Réanáin[1] (Béarla: Kilmacrenan) atá suite i gContae Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá sí suite ar bhóthar N56, an príomhbhealach idir Iarthuaisceart Dhún na nGall agus Leitir Ceanainn, baile is mó an chontae. Tá barúntacht Chill Mhic Réanáin ainmnithe ar a son. Tá Cill Mhic Réanáin i ngar le Carraig Dhún, carraig ar choróntaí ríoga Thír Chonaill uirthi idir na blianta 1200 agus 1603. Ritheann Abhainn na Leannaine trí thaobh theas an bhaile, agus Abhainn an Lorgaigh trína thaobh thuaidh.