Super cyclonic storm (en) [[File:Noun Project label icon 1116097 cc mirror.svg () ![]() | |||
Cineál | Tarlú ![]() | ||
---|---|---|---|
Cuid de | 1991 North Indian Ocean cyclone season (en) ![]() ![]() | ||
Tréimhse | 24 - 30 Aibreán 1991 | ||
Gaotha marthanacha uasta | 140 kn ![]() | ||
Brú atmaisféarach is ísle | 918 mbar ![]() | ||
Líon básanna | 138,866 ![]() | ||
Cioclón trópaiceach fíordhíobhálach ba ea Cioclón Gorky, nó "Cioclón 02B 1991", an t-ainm oifigiúil, nó Cioclón Marian, a tháinig le chéile ar 22 Aibreán 1991 i mBá na Beangáile. Ocht lá níos déanaí, ní raibh ach stoirm thrópaiceach ann.
Maraíodh 138,866 sa Bhangladéis, ar a laghad, tír nach bhfuil ach a dhá oiread méid na hÉireann agus daonra 109 milliún ag an am.[1] Tá an Bhanglaidéis ar cheann de na tíortha is mó ar domhan atá i gcontúirt mar gheall ar an athrú aeráide ó tá beagnach 75% den tír faoi leibhéal na mara. Toisc go luíonn an Bhanglaidéis go híseal, bíonn go leor tuilte inti agus déantar go leor damáiste ar na cóstaí, áit a gcónaíonn na daoine is boichte.[2]