Claonpháirteachas

NORTHERN IRELAND- STORMONT, COLLUSION, AND THE FINUCANE INQUIRY[1]

I réimse an gnó, is éard atá i gceist le claonpháirteachas[2] na straitéis frithiomaíoch, nuair a mbíonn comhlachtaí róbháúil le comhlachtaí eile in aghaidh tríú páirtí; bíonn a n-iompar comhcheilgeach de ghnáth. Uaireanta tagann gnólachtaí le chéile chun srian a chur ar an aschur nó praghasanna a shocrú agus níos mó brabúis a dhéanamh (tugaimid cairtéal ar an dream seo).

B'fhéidir go bhfuil an cleachtas éagothrom agus míchuí, ach níl an claonpháirteachas in éadan an dlí i gcónaí. Uaireanta bíonn an claonpháirteachas mídhleathach ach tá sé thar a bheith deacair é a chruthú.

Tuaisceart Éireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 25 Samhain 2024, san Ard-Chúirt i mBéal Feirste, cuireadh tús le cás dlí sibhialta, faoi chlaonpháirteachas na Breataine, atáthar a thabhairt in aghaidh Rialtas na Breataine as dúnmharuithe a rinne paraimíleataigh dhílseacha le linn na coimhlinte ó thuaidh. Tá na teaghlaigh ag lorg damáistí ar an mBreatain as dul i gclaonpháirt leis na marfóirí. Baineann an cás le lear mór arm a tugadh isteach sa Tuaisceart ón Afraic Theas i 1987 agus ar baineadh úsáid astu le 70 duine ar a laghad a dhúnmharú.[3]

Féach freisin    

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. govinfo.gov / Congressional Hearings na Stát Aontaithe (2015). "NORTHERN IRELAND- STORMONT, COLLUSION, AND THE FINUCANE INQUIRY" (en). www.govinfo.gov. Dáta rochtana: 2024-11-25.
  2. i mBéarla, collusion
  3. Nuacht RTÉ (2024-11-25). "Tús le cás sibhialta faoi chlaonpháirteachas na Breataine" (as ga-IE).