Is éard is clochán coirceogach nó clochán ann, ná seanbhothán cloch ar dhéanamh coirceoige,[1] a bhfuil díon coirbéalta air, a bhaineann go coitianta le cósta thiar theas na hÉireann.
Ní fios dáta beacht tógála fhormhór na struchtúr seo, ach baineann na foirgnimh le traidisiún Ceilteach seanbhunaithe, cé nach bhfuil aon fhianaise dhíreach ann faoi láthair gur tógadh na samplaí reatha níos luaithe ná 700 CE.[2] D'fhéadfadh sé gur tógadh cuid acu a bhaineann le láithreáin reiligiúnacha sa tréimhse réamh-Rómhánach, ach measann daoine áirithe gur tógadh na struchtúir is iomláine tar éis an 12ú haois nó níos déanaí.[3] Seo an áit a raibh cónaí ar na manaigh.
Is botháin chruinne choirceogache iad de ghnáth, ach tá pleananna dronuilleogacha ar eolas freisin. Tá sé tugtha le fios go mbaineann na loirg dhronuilleogacha le ré níos déanaí. Tá roinnt clochán nach bhfuil tógtha go hiomlán de chloch agus b'fhéidir go raibh díon tuí orthu. Tá na ballaí an-tiubh, suas le 1.5 méadar. Uaireanta bíonn roinnt clochán ceangailte le chéile ag a gcuid ballaí.[4]
Tá clocháin le fáil den chuid is mó in Iardheisceart na hÉireann, mar shampla ag Sceilg Mhichíl, Oileán an Teampaill amach ó Bheiginis, Gleann Fán, Fán agus An Riasc i gCorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Tarlaíonn go leor i gcomhthéacsanna creidimh;á n-úsáid ag na manaigh Naomh Pádraig; ina theannta sin, lean a chomharbaí ar aghaidh leis an traidisiún ailtireachta in oileán Í na hAlban agus ar deireadh thiar trí Naomh Aodhán go dtí na hoileáin in oirthear Shasana; Oileáin Farne agus Lindisfarne. Tá cinn eile i ráthanna (ar nós Leaca na Buaile, Contae Chiarraí) a léirmhínítear go coitianta mar fhoirgneamh tuata. D’fhéadfadh séipéil ilchasta le ballaí tirime mar Aireagal Ghallarais teacht ón gclochán. Tá cur síos ar an gclochán i ndlí an 7ú go dtí an 8ú haois, amhail an téacs dlí luath Críth Gablach.[5]
Rinneadh codanna de scannán 2017 Star Wars: The Last Jedi a scannánú ag baint úsáide as botháin choirceogacha ar Sceilg Mhichíl.[6][7] Mar gheall ar na srianta a bhaineann le scannánaíocht ar an oileán, sa bhliain 2016 tógadh macasamhail de bhotháin choirceogacha ag Ceann Sibéal, gar do Bhaile an Fheirtéaraigh, ar Leithinis an Daingin.[8][9]
The ancient Jedi shelter where Luke Skywalker resides is a very terrestrial building type called a clochán, a primitive stone dwelling that can still be found on Skellig Michael. These structures, also called beehive huts, were built by the ascetic Christian monks who first settled the island in the 6th or 7th century.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |