Cineál | bandia bean sí |
---|---|
Dáta | |
Inscne | baineann |
I Miotaseolaíocht na nGael, ba bhanríon na mbansidhe í Clíodhna (Sean-Ghaeilge Clídna) na dTuath Dé Danann. Bhí sí í réim i ndeisceart na Mumhan, nó Ríoga Dheasúin.[1]
I roinnt miotas, is bandia an ghrá agus na háilleachta í Clíodhna, agus éarlamh Chontae Chorcaí.[2] Deirtear go raibh trí éan gealdaite aici, a d'ith úill agus a leigheas na heasláin lena gcuid cantana binne.[2]
D'fhág sí oileán an tsaoil eile, Tír Tairngire, chun bheith lena leannán daonna, Ciabhán, ach thóg tonn i gCuan Dor í[2] agus í ina chodladh de bharr ceoil á sheinm ag cliaraí Mhanannáin mhic Lir; tugtar Tonn Chlíodhna ar an taoide ann.[3] Braitheann a cinniúint, cé acu ar bháigh nó nár bháigh sí, agus sonraí eile, ar leagan an scéil.
Bhí sí ina cónaí i gcroí carn cloch, cúig mhíle amach ó Mhala, áit a bhfuil aithne uirthi fós mar Charraig Clíodhna[4], agus a bhfuil sí fós beo ann sa bhéaloideas.[5]
Tá gaol idir Clíodhna agus seanmhuintireacha na Mumhan, agus clanna Uí Dhonobháin agus Uí Choileáin as críocha Uí Fidgheinte ach go háirithe, ar feadh ré a dtionchair (circa 373 A.D. go 977 A.D.), agus níos déanaí clann Mhic Cárthaigh (a roghnaigh í mar a sidhe clainne), agus clanna Uí Chaoimh agus Mhic Ghearailt, (a raibh caidrimh ghrámhara aici leo[5]). Tá Clíodhna ann in ainm té de shliocht Uí Laoghaire sa mheánaois,[6] Conchúr Chlíodhna. Is sonraíoch é gur as Ros Ó gCairbre an chlann, fíor ghar do Chuan Dor, sular bhog siad ó thuaidh go Tiarna Mhúscraí. Ba shliocht de Chorca Laoighdhe iad na Laoghairí.
Luaitear Clíodhna mar tóraí a raibh doicheall roimpi sa dán le hEdward Walsh, O’Donovan’s Daughter.
In óid ag moladh Domhnail Uí Dhonobháin dá theacht i réim mar thaoiseach Clancahill, luaitear é mar "Dragan Chlíodhna".[7]
Deirtear go raibh Clíodhna in iomaíocht le hAoibheall. I scéal amháin, chuir Clíodhna Aoibheall faoi dhraíocht, a chas í ina riocht cait bháin.[8]
Is é scéal Cloch na Blarnan an scéal is cáiliúla atá bainte le Clíodhna.[9] Bhí Cormac Láidir Mac Cárthaigh, tógálaí Chaisil na Blarnan,[10] in aghaidh cás dlí, agus d'iarr sé cuidiú ar Chlíodhna. Dúirt sí leis an chéad chloch a chonaic sé ar a bhealach a phógadh. Rinne sé amhlaidh, agus dá bharr, d'áitigh sé a chás go solabhartha, agus bhuaigh sé. Deirtear go tugann Cloch na Blarnan "an cumas dallamullóg a chur gan sárú". Thug sé an chloch le chéilei n-uchtbhalla an chaisleáin.[11]
Leis an bhfírinne a rá, níl Clíodhna freagracht i ngach plámás na gCárthach. Thug Eilís faoi ndeara le teann frustrachais nárbh fhéidir léi idirbheartaíocht a dhéanamh le Cormac Mac Cárthaigh, toisc go raibh gach a dúirt sé Blarney, ... what he says he does not mean.[12]
Ina cáilíocht mar bhansidhe, luaitear Clíodhna ag an ársaitheoir Éireannach Seán Ó Donnabháin.[13] Ag scríobh i 1849 chuig cara, deir an Donnabhán:
“ | When my grandfather died in Leinster in 1798, Cleena came all the way from Ton Cleena to lament him; but she has not been heard ever since lamenting any of our race, though I believe she still weeps in the mountains of Droim Dhá Liag in her own country, where so many of the race of Eoghan Mór are dying of starvation. | ” |
Bhí eolas chomh maith ag an gceannaire mór Éireannach Mícheál Ó Coileáin ar Chlíodhna. Insíodh scéalta fúithi ar scoil aige i Ros Ó gCairbre, agus chuaigh siad ar cuairt Dé Domhnaigh go carraig Chlíodhna. De réir a charad, Piaras Béaslaí:[14]
“ | Michael heard many a wonderful tale of Clíodhna's enchantments, of wrecks and perils, and drownings and treasure troves. | ” |
Is fiú a thógáil faoi ndeara gur shliocht de chlann Uí Choileáin Uí Chonaill Gabhra é Mícheál.[15] Ba iad na Conaill agus na Donnobháin dís treibhe i measc na Fidghente.
Moladh go bhfuil Clíodhna gaolta le bandia na nGallach, Clutonda[16]