Úsáid ceimiceán marfach nó díblithe mar airm is ea cogaíocht cheimiceach.
Chuir Coinbhinsiúin na Háige (1899) toirmeasc ar chogaíocht cheimiceach, ach bhain na Gearmánaigh feidhm as airm cheimiceacha sa chéad chogadh domhanda in ainneoin gur shínigh siad iad. Rinne siad lón mór cogaidh d'oibreáin néarógacha sa dara cogadh domhanda chomh maith.
Rinne na Sóivéadaigh is na Meiriceánaigh an rud céanna i rith an chogaidh fhuair.
Sna 1960idí scaip na Briotanaigh oibreán flannbhuí, luibhicíd atá toscaineach do dhaoine is ainmhithe, ar na foraoisí le linn cogaidh sa Mhalae.
I Vítneam úsaideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh, sa chogaíocht cheimiceach is mó riamh.
Úsaideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh sa tSiria.[1]
Ar 29 Aibreán gach bliain, ceiliúrtar an Lá Cuimhneacháin d’Íospartaigh Uile na Cogaíochta Ceimicí. Tháinig an Coinbhinsiún um Airm Cheimiceacha i bhfeidhm ar 29 Aibreán 1997.[2][3]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |