Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1981 42/43 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | stiúrthóir scannán, scríbhneoir scripte, eagarthóir scannán |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Cleona Ní Chrualaoí |
Suíomh gréasáin | colmbairead.com |
|
Is scannánóir as Baile Átha Cliath é Colm Bairéad (a rugadh sa bhliain 1981).[1] Bhronn Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann duais ar Bhairéad in 2012 as a chuid sároibre trí Ghaeilge, agus bronnadh céim dochtúra oinigh air in 2024.[2]
Tógadh Colm Bairéad i dteaghlach dátheangach i dtuaisceart chathair Átha Cliath. Níor labhair a athair Béarla leo ariamh ach is é an Béarla a labhair a mháthair leo. Bhunaigh athair Choilm Gaelscoil Míde – agus is ansin a chuaigh siad ar scoil. Agus é ar an meánscoil, bhí Colm ina dhalta i gColáiste Eoin.[3]
Bhí an-suim ag a mhuintir sna scannáin ‘chlasaiceacha’ agus é ag fás aníos.[4] Cheannaigh fear an tí meaisín VHS don teaghlach sa bhliain 1990, agus shocraigh sé ar iarracht a dhéanamh scannáin fhiúntacha a chuir faoina mbráid. “Bhí meascán iontach i gceist, gach rud ó na seanscannáin thostacha, leithéidí Modern Times le Chaplin go seónna ceoil na 30idí, 40daí agus na 50idí in Hollywood, go scannáin Ernst Lubitsch, John Huston, Akira Kurosawa, David Lean, Sidney Lumet srl."[3]
Fuair Colm Bairéad céim ó Scoil Scannán Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Tá Colm Bairéad pósta le Cleona Ní Chrualaoi, léiritheoir scannáin.
Sa bhliain 2024, bhí céimeanna dochtúra oinigh bronnta ag Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar Colm Bairéad agus a bhean Cleona Ní Chrualaoi, léiritheoir an scannáin Ghaeilge An Cailín Ciúin.[2]