Mana | Perpetuis futuris temporibus duraturam | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | TCD | ||||
Cineál | ollscoil choláisteach eagraíocht neamhbhrabúis | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 3 Márta 1592 | ||||
Bunaitheoir(í) | Eilís I Shasana | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Grúpa Coimbra League of European Research Universities (en) ORCID Cumann Eorpach na nOllscoileanna Digital Preservation Coalition (en) World Wide Web Consortium An Chomhghuaillíocht um Chur Chun Cinn an Mheasúnaithe Taighde | ||||
Líon scoláirí | 18,174 (2016) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Fochomhlacht | |||||
Úinéir de | |||||
Codanna | |||||
Táscaire eacnamaíoch | |||||
Ioncam iomlán | 395 M€ (2020) | ||||
ISIL | IE-DuTC | ||||
Suíomh gréasáin | https://www.tcd.ie/ https://www.tcd.ie/gaeloifig/gaeilge/index.ga.php | ||||
Is é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an ollscoil is sine in Éirinn. Tá sé suite i mBaile Átha Cliath, agus is é an t-aon chomhcoláiste atá ann in Ollscoil Átha Cliath.
Bunaíodh Coláiste na Tríonóide sa bhliain 1592. Ba le linn do rítheaghlach na dTúdor sa Bhreatain a bheith ag leathnú a gcumhacht in Éirinn a bunaíodh Coláiste na Tríonóide. Bhronn bardas Bhaile Átha Cliath tailte seanmhainistreach i lár na cathrach ar an ollscoil. D'fhás an Coláiste go mear cé go raibh an saol an-chorrach in Éirinn sa seachtú haois déag.
Mar gheall ar na cogaí creidimh idir Caitlicigh, Protastúnaigh agus Preisbitéirigh bhí scoláirí á ndíbirt agus úsáideadh an coláiste mar bheairic d'arm rí Shéamuis II i 1689. Protastúnaigh amháin a d'fhreastail ar an choláiste ar feadh na gcéadta bliain, ach ceadaíodh do Chaitlicigh tosú ag staidéar ann tar éis 1793.
Bhí rudaí síochánta go leor san ochtú haois déag ach bhí corraíl ann in aimsir na nÉireannach Aontaithe (féach Téobald Wolfe Tone) ag deireadh na haoise sin.
Ag tús an fichiú haois rinneadh iarrachtaí láidre chun Coláiste na Tríonóide a nascadh le Ollscoil na hÉireann, ach d'éirigh leis a neamhspleáchas a choinneáil. Tosaíodh ag glacadh le mná mar mhic léinn i 1904 agus ceapadh an chéad bhean mar ollamh tríocha bliain ina dhiaidh sin.
Is Leabharlann Choláiste na Tríonóide an leabharlann is mó in Éirinn í
I measc na ndaoine cáiliúla a bhí ina mic léinn ann bhí Téobald Wolfe Tone, Samuel Beckett, Máire Mhic Róibín, Oscar Wilde, agus Edward Carson.
Bhí an scríbhneoir cáiliúil Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain, ina Ollamh le Gaeilge ann ar feadh scaithimh.
Ollúna le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide: