Cineál | conradh síochána |
---|---|
Bailíocht | 5 Meán Fómhair 2014 - |
Codanna | |
Aontaíodh Comhaontaithe Mhionsc[1][2] sna bliianta 2014-2015 in iarracht an teannas idir easaontóirí i bhfabhar na Rúise in Oirthear na hÚcráine agus an Rialtas Úcránach a mhaolú.
Faoi na comhaontaithe seo, bhí fórsaí na Rúise le tarraingt siar agus ligint do rialtas na hÚcráine smacht a fháil ar an Donbas agus ansin bhí toghcháin do pharlaimint áitiúil le reáchtáil faoi dhlí na hÚcráine. Ach níor tharraing na seachfhórsaí siar riamh ; ina ionad sin, ’eagraigh siad a dtoghcháin féin, beag beann ar dhlíthe na hÚcráine.[3]
Síníodh 'Prótacal Minsk' idir an Rúis, an Úcráin agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip ar 5 Meán Fómhair 2014. Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta. Socraíodh go mbeadh crios maolánach i bhfeidhm, a mbeadh fórsaí armtha an dá thaobh sásta fanacht amach as, ionas nach mbeadh aon choimhlint ann.
Níos déanaí sa bhliain 2014, thathantaigh an Chomhairle Eorpach ar na páirtithe go léir Prótacal Minsk a chur chun feidhme ina iomláine agus cloí le coinníollacha an tsosa cogaidh.[4]
Ach ar 29 Eanáir 2015, cuireadh cainteanna Mhionsc ar ceal an athuair.
Ansin ar 12 Feabhra 2015, tháinig 'Comhaontú Mhionsc; II ar an bhfód.[5] Baineadh comhaontú síochána amach i bpríomhchathair na Bealarúise agus ionadaithe rialtais na Rúise, na hÚcráine, na Fraince agus na Gearmáine i láthair, chomh maith le hionadaithe na scarúnaithe. Bhí ar an dá thaobh armra a aistarraingt, agus tugadh smacht iomlán don Úcráin ar a teorainn leis an Rúis.
I mí Feabhra 2022, bhí sé ráite Vladimir Putin nach raibh feidhm a thuilleadh le Comhaontaithe Síochána Minsk.[6][7]