![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 516 (Féilire Ghréagóra) Contae Aontroma ![]() |
Bás | 10 Bealtaine 601 84/85 bliana d'aois Beannchar, Contae an Dúin ![]() |
Ab Mainistir Bheannchair | |
![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | duine rialta, aiséiteach ![]() |
Mac/iníon léinn de chuid | Fionntán Chluain Eidhneach, Finnian Mhaigh Bhile, Mobhí Cláraineach agus Naomh Ciarán |
Ardú | |
Lá féile | 10 Bealtaine ![]() |
Is i gContae Aontroma a rugadh Naomh Comhghall nó Comgall (timpeall na bliana 510/520 – 597/602; b'fhéidir 516 - 602; Saint Comgall i mBéaral).[1] Ceiliúrtar a lá féile ar 10 Bealtaine.[2]
Ba shaighdiúir a athair. Theastaigh uaidh go leanfadh a mhac an cheird chéanna sin, rud a rinne Comhghall ar dtús. Ach bhí Comhghall ag iarraidh a bheith ina shaighdiúir i seirbhís Chríost.
De réir dealraimh, rinne Comhghall a chuid staidéir faoi threoir Naomh Fionnán i Maigh Bhile.[3] Siocair go raibh sé faoi bhrú ag cathuithe agus faoi chian agus chumha, shocraigh sé féin agus a ab ar dhul i muinín na paidreoireachta. Tar éis don easpag Lughaidh é a agairt go mór, oirníodh ina shagart é.[1]
Bhunaigh Comhghall mainistir i mBeannchar c. 555-558, mainistir ar mheall chuici daoine mar Naomh Columbán ina phríomhoide inti tamall ina dhiaidh sin.[4][1][5]
Bhí Comhghall an-dian ar fad ar na manaigh ó thaobh bia de.. Ní raibh cead ag na manaigh faoi Naomh Comgall i mBeannchar bainne a ól.[6] Bheadh arán, glasraí agus uisce mar bhéile acu, agus ní raibh ann ach aon bhéile amháin sa lá. Níos déanaí, tugadh cead dóibh bainne a ól sa deireadh, mar a rinneadh sa chuid is mó de na mainistreacha eile ag an am.
Bhunaigh Comhghall mainistir in oileán Tír Iodh in Albain chomh maith.
Tar éis dó tinneas fada pianmhar a fhulaingt go foighdeach, d’éag sé ar Fhéile na Cincíse sa bhliain 602 b'fhéidir.
Ó thús an 9ú haois ar aghaidh, d’ionsaigh na Lochlannaigh Mainistir Bheannchair agus truaillíodh scrín Naomh Comhghall.